Labhair Bernadette Devlin Mc Aliskey ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar a cuimhní ar The Battle of the Bogside a tharla 50 bliain ó shin.

Féachtar ar an eachtra, The Battle of the Bogside i nDoire mar an chéad mhórchoimhlint in aimsir na dtrioblóidí. Bhí baint mhór ag Devlin le cearta sibhialta ag an am agus deir sí go raibh eolas agus tuiscint ag muintir an Bhogside nach mbeadh siad sabháilte an lá sin. Deir sí nach raibh baint ag gnáthmhuintir 'an dá thaobh' (Protastúnaigh agus Caitlicigh) ach go raibh buairt ann faoi phóilíní na Breataine. 

Battle of the Bogside

Bhí Bernadette ina feisire pairliminte ag an am agus í ionadaíoch orthu siúd a bhí faoi chois. Dá réir, deir sí go ndearna sí iarracht amn RUC 'a choinneáil amach'. Mar thoradh ar na hiarrachtaí sin deir sí gur chaith sí 6 bliana sa phríosúin.

Cé gur i nDoire a tharla an t-eachtra seo, deir Bernadette gur i mBéal Feirste a tharla 'an rud is measa', nuair a cuireadh tithe i mBombay Street agus in áiteanna eile trí thine agus go raibh ar mhuintir na cathrach Béal Feirste a thréigean dá réir agus bogadh ó dheas go Dún Dealgan agus áiteanna eile.

Cé go ndúirt an Taoiseach ag an am, Jack Lynch 'we will not standly idly by', deir Bernadette 'ní dhearna siad faic'. D'eagraigh siad 'refugee camps' ó dheas den teorainn ach sin é, i dtuairim Bhernadette. 

50 bliain ar aghaidh, tá ceist náisiúnta fós beo agus deir Bernadette nach bhfuil an cheist sin socraithe. Achan uair i stair a tharlaíonn rud éigin an-mhór, athrú an-mhór, bíonn an 'national question' ann mar níl sé socraithe, tá sé chomh simplí le sin'.

Craoltar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 8 agus 9