Labhair muintir Uí Almháin le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina gcuid laethanta saoire i gCorca Dhuibhne

Deir Aonghus go raibh 'ana-sheans' ar féin agus a theaghlach agus iad ar laethanta saoire i nGaeltacht Chiarraí agus iad ag amuigh ag siúl gach lá. Luaigh sé gur tháinig sé chuig an gceantar ar a mhí na meala blianta ó shin agus go bhfuil a chroí istigh san áit ó shin.

Tá cónaí ar Aonghus agus a theaghlach ag cur futhú i gCill Mhantáin agus é ag obair ar an taobh eile den chathair agus go dtugann an t-am ó dheas am dó 'dearmad a dhéanamh ar an gcathair'.

Agus é ag trácht ar phobal na Gaeilge, idir 'nuachainteoirí' agus daoine atá ar tógadh le Gaeilge ó dhúchas, deir sé gur treise le chéile muid, mar phobal cainteoirí.

Baile na nGall, Corca Dhuibhne

Ag caint ar chúrsaí Gaeltachta agus meath na teanga, deir Aonghus go bhfuil 'gá le hancaire' don teanga agus gurb iad na ceantair Ghaeltachta ancaire na teanga ach nach mairfeadh ceachtar grúpa, muintir na Gaeltachta nó na nuachainteoirí, gan a chéile. 

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08 agus 1.00 Luan go hAoine.