Labhair Breanndán Ó Beaglaoich le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin dturas atá déanta aige agus an críú go hOileán Cheap Bhreatain.

Deir Breanndán gurb é 'fáilte na ndaoine' is mó a sheasann amach dó ón dturas go dtí Oileán Cheap Bhreatain. Ag cur síos ar an bhfáilte a chuir muintir Cheanada rompu, deir sé go raibh go leor fiosrach faoin naomhóg agus go n-osclaíonn an naomhóg traidisiúnta croíthe na ndaoine a thagann trasna uirthi.

Breanndán Ó Beaglaoich agus Rosie Mc Kenzie

Rinne Breanndán cur síos ar an am atá caite acu ar an bhfarraige agus ar na háiteanna ar stop siad ar an mbealach, i measc na ndaoine sin, fear atá 99 bliain d'aois agus a chur comhairle orthu agus ag iad ag iarraidh 'theacht i dtír ina áit a bhí 'ana-dheacair' dóibh.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08 agus 1.00 Luan go hAoine.