Is í Bláthnaid Ní Chofaigh a chuirfidh i láthair cláracha RTÉ Raidió na Gaeltachta i mbliana beo ó Rásaí na Gaillimhe i mBaile an Bhriota ón Luan 29 Iúil go dtí Lá na mBan ar an Déardaoin.

Beidh an fhéile rásaíochta is mó sa tír ag ceiliúradh 150 bliain ar an bhfód i mbliana, agus cé go raibh Bláthnaid i láthair go minic ag na Rásaí, seo an chéad uair di a bheith ag láithriú cláir ó Bhaile an Bhriota.

 "Tá ríméad orm a bheith ag obair ag Rásaí na Gaillimhe i mbliana, agus an ceiliúradh mór 150 bliain ar bun.Beidh sé go deas seachtain a chaitheamh i measc mhuintir an iarthair, go leor cairde agus gaolta ina measc, agus an tír uilig ag faire toradh na rásaí!"Beidh na rásaí uilig ó Luan go Déardaoin á gcraoladh beo ar RTÉ RnaG ón Ródaí taobh leis an ráschúrsa, agus is é Seán Bán Breathnach a bheidh i mbun tráchtaireachta.Bhí Seán ag ceiliúradh 50 bliain ar an aer i mí Aibreáin, agus is léir go bhfuil a chroí's a anam go fóill sa chraoltóireacht.Ba sna seascaidí a tháinig Seán Bán chuig na rásaí don chéad uair, agus tá sé ag súil go mór le hócáid stairiúil na bliana seo agus iad ag ceiliúradh 150 bliain.Tá sé ar bís, freisin, a bheith ar ais ag obair le Bláthnaid Ní Chofaigh i ndiaidh beagnach 30 bliain.

Foireann RnaG ag Rásaí na Gaillimhe

"Tá sé iontach a bheith ar ais i mBaile an Bhriota arís i mbliana, agus a bheith ar ais ag obair le Bláthnaid beagnach tríocha bliain théis dúinn a bheith ag obair le chéile go deireadh ar Scaoil Amach an Bobailín nuair nach raibh sí ach ag tosú amach ar an teilifís. Beidh deis agam bheith ag obair le mo mhac, Cárthach, freisin. Ní bhíonn muid ar aon intinn maidir leis na caiple i gcónaí, ach bíonn neart spraoi againn á phlé! Chaithfinn a rá go raibh sé díreach ceart anuraidh le cuid de na nodanna a thug sé - an chéad cheann, tháinig an capall sin isteach ag 10 in aghaidh 1, agus ghnú sé i Cheltenham ansin ina dhiaidh sin.Beidh orm cluas ghéar a bheith agam leis i mbliana mar sin!"

Beidh Paddy Beag Ó Gríofa ó fhoireann spóirt RnaG thíos ag an bhfáinne gach lá ag tuairisciú, agus beidh sé amuigh i measc an phobail chun scéalta agus tuairimí na ndaoine a bhailiú.Beidh nodanna le fáil ag na héisteoirí ó Mhánus Ó Conghaile agus Cárthach Bán Breathnach do gach rás. 

Beidh duaiseanna den scoth ag Bláthnaid le tabhairt uaithi ar feadh na seachtaine, ina measc saoire ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, oíche in Óstan an Galmont, earraí áilleachta Lancôme, agus duaiseanna speisialta do Spéirbhean agus Spéirfhear na Rásaí Déardaoin, mar sin coinnigh cluas leis na cláracha. 

Beidh Rásaí na Gaillimhe 2019 á gcraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan 29 Iúil go dtí Déardaoin 1 Lúnasa. Tosóidh na cláracha ag 5 pm ó Luan go Céadaoin, agus ag 2 pm Déardaoin.Beidh pictiúirí agus físeáin le feiceáil ar mheáin shóisialta an stáisiúin ar feadh na seachtaine.