Labhair Seán Ó Gallachóir agus Seán Ó Dochartaigh le hÁine Ní Bhreisleáin ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina dtaithí ag an gcomórtas mór i bPort Rois an tseachtain seo.

Dúirt Ó Dochartaigh go raibh cara leis ag obair ag iompar an scoreboard ar feadh trí bliana agus gur mhol sé dó cur isteach air, rud a rinne sé ag tús na bliana. 

Bhí spéis níos mó ag na hÉireannaigh sa chomórtas mar go raibh beirt ghalfaire de bhunadh na hÉireann istigh sa chomórtas. 

Shane Lowry

Deir Seán go raibh deis aige bualadh leis na himreoirí mór le rá agus gur baineadh siar dó go raibh siad ar fad chomh 'normal' agus 'cosúil le hachan duine eile'. Mhothaigh Seán go raibh an t-ádh dearg air an post a fháil i mbliana agus tá sé i gceist aige cur isteach air arís eile an chéad uair eile go mbeidh an Open in Éirinn.

Tagann neart turasóirí go hÉirinn díreach don ghailf, tuairim is 115 míle duine a tháinig go hÉirinn don Open ó thíortha eile agus is mór an chabhair a thugann siad d'eacnamaíocht na tíre.

Craoltar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 11 agus meánlae