Clár ar leith den Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nuair a seoladh tuairisce agus plean gníomhaíochta Thascfhórsa Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh

I measc na ndaoine a bhí i láthair ag an ócáid, bhí Seán Kyne: Aire Stáit na Gaeltachta, Micheál Ó hÉanaigh: Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Caitlín Breathnach,Bainisteoir Tionscnaimh nua-cheaptha agus Oifigeach Pleanála Teanga an cheantair, Victor Bayda.

Deir Helen Ní Shé, láithreoir an chláir, An Saol Ó Dheas gur tuairisc agus plean 'thar a bheith tábhachtach' iad seo mar gheall ar an titim mhór a tháinig ar dhaonra an cheantair agus na himpleachtaí a bheadh ag sin ar an nGaeltacht.

Victor Bayda

Iarracht iad na nithe seo 'cur leis an bpobal, cur leis an eacnamaíocht agus an Ghaeltacht ina lár'. Deir an tAire Seán Kyne gur 'ceantar speisialta ach iarghúlta' é Uíbh Ráthach. 'Tá sé soiléir go dteastaíonn daoine nua sa cheantar' agus sin an chúis go bhfuil plean agus tascfhórsa de dhíth.

Tá spriocphobal 'ana-láidir' sa cheantar, a deir Caitlín Breathnach agus deir sí go bhfuil sé i gceist acu tacú leis an bplean seo leis an gceantar a chaomhnú.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 12.08 agus 1.00