Labhair Fearghal Mac Amhlaoibh le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin oíche a thúirling Nial Armstrong ar an ngealach.

Deir Fearghal nach raibh teilifís forleathan i gCorca Dhuibhne ag an am agus bhailigh neart daoine le chéile le breathnú air ach go raibh feitheamh 'an-fhada' ann go dtí gur thúirling siad ar an ngealach.

Deir Fearghal go raibh cuid do mhuintir na Gráige titithe ina gcodladh le mífhoighne ag feitheamh leis an ngaisce theacht ar an scáileán teilifíse chucu!

Bhí an pictiúr dubh agus bán ach bhí oíche den scoth ag an dream a bhí ag breathnú air 'bhí an-oíche go deo' acu, arsa Fearghal. 

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08-1.00