Labhair Tristan Rosenstock  le Bainisteoir Cumarsáide nua-cheaptha TG4, Deirdre Ní Choistín faoina ról úr agus faoina bhfuil roimh TG4 maidir le pobail a chothú agus a fhorbairt ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Tá Deirdre ag obair le TG4 le roinnt mhaith blianta, idir aischur ar chláracha teilifíse agus sa ról is déanaí mar eagarthóir ar an ardán ar líne, Molscéal.

Labhair sí le Tristan faoin oiread bealaigh atá ag TG4 a scéalta a chur os comhair an phobail lena n-aird a dhíriú ar an sceideal. Dúirt Ní Choistín go bhfuil an saol ar fad athraithe agus nach bhfuil daoine ag suí os comhair na teilifíse mar a bhídís ach nach bhfuil an cath caillte in aon chor ag na meáin traidisiúnta ach go gcaithfí dul i ngleic le nósmhaireacht nua i ndaoine. 

Máire Treasa Ní Dhubhghaill, láithreoir TG4

Tuigtear do Dheirdre go bhfuil níos mó ná muintir na hÉireann ag iarraidh breathnú ar chláracha an stáisiúin agus deir sí go mbeidh siad ag díriú ar na pobail sin freisin.

Ag tagairt d'aidhmeanna TG4, deir Deirdre go bhfuil an stáisiún ag iarraidh a lucht féachana a fhás sa tslí agus go mbeidh siad sa séú áit seachas an seachtú áit go náisiúnta faoi 2020.

Craoltar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 5 agus 6 Luan go hAoine