Labhrann Áine Ní Bhreisleáin atá i mbun Bharrscéalta an tSamhraidh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta linn faoina bhfuil beartaithe aici dá seal sa stiúideo

1. Cad é ar mhaith leat a thabhairt go dtí an clár, Barrscéalta?

Ba mhaith liom go mbeinn in ann beocht a thabhairt chuig an chlár, agus ábhar atá trom agus éadrom a mheascadh, le na scéalta móra reatha ag suí in aice le na pacáistí amuigh i measc an phobail. Tá áit in achan chlár irise don gháire agus don dáiríreacht sílim 

2. An dóigh leat go bhfuil an tábhacht chéanna le scéalta nuachta áitiúla sa lá atá inniu ann?

Measaim go ndéanaimid ar fad scéalta nuachta a chuir i gcomhthéacs ár bpobail féin, tá scéalta náisiúnta ach tá slite le iad a inse go háitiúil agus tuairimí a fháil atá éagsúil go minic ón status quo anseo i nDún na nGall!

Tá scéalta móra náisiúnta agus idirnáisiúnta cosúil le himeacht na Breataine áitiúil dúinne anseo, agus faighimid ceangail agus pearsain le labhairt ar ábhair atá á bplé ar bhonn náisiúnta. Cuirimid mar Éireannaigh suim san rud atá ag tarlú ar leac an dorais, go fóill!

Áine, Bláthnaid, Doireann Ní Ghlacáin agus Sinéad

3. 'bhfuil sé dúshlánach duit tabhairt faoi chlár raidió agus tú cleachtaithe le nuacht a scríobh agus a léamh?

Tá fuinneamh éagsúil ag teastáil do chlár irise 5 lá sa tseachtain i gcomparáid le cinnlínte nuachta agus scéalta aonaracha. Caithfidh tú a bheith in ann tú féin a ghríosadh nó a mhoilliú nó aoibh an gháire a chuir trasna in imeacht uaire, ní sin mar a bhíonn an nuacht, cé go bhfuil mo chroí istigh sa nuacht. Tagann fonn gáire ormsa go minic san oifig agus nuair a bhíonn scéalta éadroma againn ar Bharrscéalta thig liom scaoileadh leis an gháire sin! Tá súil agam go dtuigfidh na héisteoirí go bhfuil pearsantacht againn ar fad atá ag léamh na nuachta ach gur fíor annamh a thig linn sin a nochtadh. 

Tá mé ag dúil go mór le dhul amach i measc an phobail le scéalta a inse agus go leor a fhoghlaim an samhradh seo 

Craoltar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 11:02 - 12:00 Luan-Aoine