Labhair Maitiú Ó Coimín, eagarthóir Nós.ie agus Áine Ní Ghlinn ar thodhchaí na meán Gaeilge i gcomhthéacs an chomhairliúcháin phoiblí ar thionscnaimh mhaoinithe na meán Gaeilge atá fograithe ag Foras na Gaeilge ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Mar chuid den cháipéis atá réitithe agus ar fáil don phobal anseo, tá sé luaite nach ndéanfaí Nós.ie a mhaoiniú a thuilleadh agus go mbeadh Comhar á mhaoiniú do leagan digiteach amháin agus do shéirbhís Nuachta ar líne, freisin, macasamhail Tuairisc.ie

Áine Ní Ghlinn, scríbhneoir

Ag caint ar an scéal seo, deir Maitiú nach dtuigeann sé cén fáth nach luaitear an óige, grúpa daoine a bhfuil Nós dírithe orthu ach go háirithe mar go mbíonn pobal na Gaeilge go minic ag rá go bhfuil todhchaí na Gaeilge i lámha na n-óg. 

Deir Áine go raibh an chosúlacht ar an scéal gur 'cinneadh gnó' a bhí anseo. Tá Ní Ghlinn den tuairim go bhfuil 'easpa tuisceana' ag baint leis an taighde a rinneadh agus luaigh sí gur mhaith léi a fháil amach cé a rinne an taighde mar chuid den cháipéis seo. 

Craoltar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta 17:00 - 17:55 Luan - Aoine