Agallamh le Bríd Rodgers faoi Ivan Cooper, duine de lucht bhunaithe Ghluaiseacht na gCearta Sibhialta sna Sé Chontae,  a fuair bás Dé Céadaoin.  Bhí Bríd Rodgers ina hiar-Cheannaire ar pháirtí an SDLP, agus bhí Ivan Cooper lárnach sa pháirtí sin.

Deir Bríd agus í ag trácht ar Ivan nach raibh mórán daoine sa saol a bhí cosúil leis. Protastúnach as Doire ab ea Cooper a sheas 'i gcoinne an fhoréigin' cuma ar tháinig an foréigean sin ón stáit nó ó ghrúpa eile. Duine é a bhí 'i gcoinne an tseicteachais'.

Cé gur Protastúnach ab ea Rogers, bhí sé go mór ar son chearta sibhialta na gCaitliceach, rud nach raibh coitianta ag an am. Bhí Rogers i láthair ag mórshiúl Domhnach na Fola leathchéad bliain ó shin ar son chearta a bhaint amach do gach duine i dTuaisceart Éireann.

Deir Rogers go raibh Cooper ina cheannródaí ina shaol ar fad agus nach raibh eagla ar bith air labhairt amach fiú amháin sna blianta deireanacha dá shaol. 

Áine Ní Bhreisleáin, láithreoir agus Bríd Rogers

Craoltar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ón Luan go hAoine idir 11:02 - 12:00 Luan-Aoine