Labhair Edel Ní Loibhéad leo siúd i bhí i láthair ag tine chnámh i gCorca Dhuibhne ar an 23 Meitheamh, oíche Shin Seán mar a thugtar air ag Mícheál Toose Mac Gearailt agus pobal na h-áite

Rinne Mícheál Toose Mac Gearailt cur síos ar an bhféile, ar an gceiliúradh agus ar an dtraidisiún a dhéantar gach bliain ar an 23 Meitheamh. Deir sé go mbíonn paidireoireacht ar siúl agus pobal na háite ag iarraidh maithiúnas ar na peacaí a fháil as na peacaí a chaitheamh isteach sa tine chun slán a fhágáil leo.

Deir daoine a bhí i láthair go raibh siad ann mar go bhfuil siad ag iarraidh an traidisiún a choinneáil beo mar go bhfuil 'an saol ag athrú'. 

'An oíche is deise ar an leithinis' a thug Christy Mac Gearailt ar an oíche agus thug sé súntas go bhfuil óg agus aosta ag caint lena chéile, gan aon fón le feiceáil, rud nach bhfuil coitianta na laethanta seo

Mícheál Toose Mac Gearailt, fear na tine.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 11.08 agus meánlae ón Luan go hAoine