Labhair Dónall Ó Cnáimhsí ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin tionchar a bhí ag a uncail air agus na scéalta a d'fhoghlaim sé uaidh atá anois foilsithe i leabhar do pháistí.

Bhog Dónall agus a theaghlach isteach lena uncail, John Óg Hiúdaí Neidí Ó Colla agus deir sé go raibh 'bua na cuimhne aige' agus go raibh scéalta ar eolas aige agus dhéanadh sé aithris orthu agus é ag obair agus ag roinnt tí le Dónall.

Deir Dónall go raibh oiread scéalta aige uncail go ndearna siad neamhiontas ar na scéalta agus ar cheann amháin acu, tá 'Mór agus Muilc' atá anois nuafhoilsithe ag an gcomhlacht, Éabhlóid. Is fiú go mór éisteacht siar le Dónall ag aithris cuid den scéal.

Craoltar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 11.02-12.00 ón Luan go hAoine.