Sa tsraith úr seo de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta cuireann Rónán Mac Aodha Bhuí ceoltóirí Thír Chonaill faoi agallamh agus cloisfimid a rogha ceoil, gach Máirt ag 4.10.

I measc na gceoltóirí agus na n-amhránaithe a bheas le cloisteáil, beidh Marcus Ó Murchú, Ciarán Mac Fheidhlimidh, Emma Ní Fhíoruisce, Lillis Ó Laoire, Paddy Glackin, Máire Ní Choilm, Doiminic Mac Giolla Bhríde, Conor Ó Gallchóir, Nóilín Ní Cholla, Brian Dannie Minnie Ó Domhnaill, Cathal Ó Cuireáin, Diane Ní Chanainn agus Ciarán Ó Maonaigh.

Paddy Glackin

Is féidir leat éisteacht siar le chéad chlár na sraithe le Mairéad Ní Mhaonaigh anseo