Labhair Aodán Ó Cearbhaill faoi thimpiste a tharla dó agus é ar an bhfarraige amach as cósta Dhún na nGall agus a bhfuil foghlamtha ón eachtra ar Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Deir Aodán go raibh sé ag coinneáil súil ar chúrsaí aimsire nuair a chuaigh sé amach ar an bhfarraige ach gur tháinig rabharta farraige air agus é ina chadhc ar a bhealach ar ais ó oíche a chaitheamh ar oileán Inis Oirthear.

Bhí seaicéad tarrthála air agus éadaí eadroma air ar eagla go dtitfeadh sé isteach cé nach raibh agus téad ar a mhadra, arís, ar mhaithe le sábháilteacht. Nuair a bhí sé leath bealaigh idir an tír mór agus an oileán, tháinig taoide gan choinne agus 'i bhfaiteadh na súl', bhí Aodán agus a mhadra, Séimí san uisce. 

Bhí sé rófhada ar shiúl ón tír mór le bheith ag snámh isteach ach chonaic sé go raibh carraig bheag in aice leis agus thosaigh sé ag snámh i dtreo na carraige. Deir sé go raibh beaguchtach ag teacht air mar 'shíl mé nach raibh mé ag déanamh dul chun cinn' ach chuimhnigh sé ar chláracha teilifíse a bhí feicthe aige maidir le timpistí farraige agus dúirt sé leis féin 'coinnigh an cloigeann, sábháil do chuid fuinnimh' 'beag ar bheag, tháinig mé a fhad leis an chloch' agus d'éirigh leis seasamh ar an gcarraig go dtí go bhfaca bean a bhí ar an trá agus ghlaoigh sí ar na seirbhisí éigeandála. 

Gaoth Dobhair

D'fhan an bhean 'ag amharc anall' mar chomhluadar dó agus thug sin sólás d'Aodán a bhí ina shuí ar an gcarraig. Agus é ina shuí ann dúirt sé go raibh sé 'ag crith' agus ag éirí lag. 

Garda Chósta an Bhun Bhig a tháinig ar Aodán agus thug siad aire mhaith dó é a théamh agus a chos a bhí gortaithe aige. 

Molann Aodán agus é ag caint ar shábháilteacht farraige gan a bheith amuigh ar an bhfarraige leis féin oiread agus féidir leis agus níos mó ama a chaitheamh ag déanamh cinnte go raibh an aimsir oiriúnach, wetsuit a chaitheamh agus a rá le cúpla duine cén t-am a bhfuil sé i gceist aige an t-oileán a fhágáil. 

Craoltar Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 11:02 - 12:00 Luan-Aoine