Labhair Tristan Rosenstock le hAodh Ó Coileáin mar gheall ar a scannán nua, Cumar atá á thaispeáint Fleadh Scannán na Gaillimhe ar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Deir Ó Coileáin go bhféachann an scannán seo ar 'an tionchar atá ag timpeallachtaí áirithe ar ealaíontóirí agus ar an bpróiséas cumadóireachta' agus ar ealaíontóirí ar a dtimpeallacht ina maireann siad ach díriú ar chathair na Gaillimhe. 

Ciarraíoch atá in Ó Coileáin atá ag cur faoi i gCathair na dTreibh le fada an lá agus deir sé gur cathair ealaíonta a bhí i nGaillimh ach go bhfuil cíos ard agus deacrachtaí maidir le spás d'ealaíontóirí anois ag cur isteach ar an je ne sais quoi a bhí ag an gcathair le leathchéad bliain.

Róisín Seoighe

Luann Aodh an nóisean sa saol Gaelach go bhfuil trí anam ag an duine; an t-anam anála, an t-anam mothála agus an t-anam spioradálta agus gur spéis leis é seo a fhiosrú sa scannán faisnéise, cruthaitheach, dátheangach seo. I measc na n-ealaíontóirí atá le feiceáil sa scannán, tá Róisín Seoighe, Máirtín O' Connor, Mike Mc Cormack agus Rita Ann Higgins a fhéachann ar an taobh dearfach agus an taobh diúltach den saol ealaíonta i nGaillmh.

Craoltar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 18.30 agus 19.00 Dé Domhnaigh.