Labhair Feena Tobin le rinceoir de chuid Burlesque, Arlene Caffrey mar gheall ar a ceird, a bhfuil daoine ag súil leis uaidh agus faoi shaoirse na mban ar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Phléigh Feena agus Arlene stair an rince a théann siar go dtí na 1920í nuair a cuireadh cosc ar alcól i Meiriceá agus thóg sé píosa fada go dtí gur tháinig sé go hÉirinn agus cé go bhfuil an pobal fós an-bheag, deir Arlene go bhfuil an pobal sin ag fás.

Deir sí go bhfuil réamhbhreith agus míthuiscint i gceist le burlesque agus go bhfuil daoine den tuairim nach bhfuil i gceist ach struipeáil ach go mbíonn teachtaireachtaí láidre maidir le polaitíocht, feimineachas agus eile i gceist freisin.

Bíonn daoine den tuairim go mbeidh an t-atmaisféar seedy ach deir Arlene nach fíor sin agus gur 'rud dearfach' atá sa rince seo, go bhfuil saoirse i gceist agus go bhfuil rud álainn faoi bheith ar do chompord 'i do chraiceann féin ar an stáitse'. Dár ndóigh, tá féinmhúinín go leor ag teastáil chun a leithéid a dhéanamh agus deir Arlene go raibh sí an-chúthaileach í féin nuair a thosaigh sí á dhéanamh.

Síleann Arlene go bhfuil forbairt tagtha ar rince den stíl seo mar go mbaineann sé le dul chun cinn i gcearta na mban agus an tsaoirse a bhaineann lena gcoirp.

Craoltar An Cúinne Dána Dé Domhnaigh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 18.30-19.00