Chuaigh Bláthnaid Ní Chofaigh go Tír Chonaill áit a ndearna sí siúlóid speisialta ag comóradh Cholmcille, naomh a rugadh i dTír Chonaill ar a clár, Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Labhair treoraithe agus staraí áitiúil le Bláthnaid maidir le stair na háite agus an seanchas a bhaineann leis an naomh agus iad ag siúl i dtreo na háite a dúradh a rugadh an naomh féin.

Deirtear go bhfuil idir áilleacht agus uaigneas le brath san áit ar dísealbhaíodh go leor daoine bochta ón talamh i bhfad siar sna blianta.

Luann Bláthnaid go bhfuil sé de nós ag muintir na hÉireann an t-uaigneas a mheascadh le rudaí a bhaineann muid pléisiúr astu agus gurb é sin atá i gceist leis an áit seo.

Gleann Bheatha

Craoltar Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 10.15 agus meánlae maidin Shathairn.