Labhair Shane Finn le Helen Ní Shé faoina aistear reatha agus rothaíochta trasna Meiriceá ar mhaithe le Spina Bifida ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Thaisteal Shane ó Dhroichead an Golden Gate i gCathair San Francisco go dtí Droichead Nua Eabhrach idir rith agus rothaíochta chun airgead a bhailiú ar mhaithe le carthanacht a chabhraíonn le daoine a bhfuil spina bifida orthu, a cholcheathar Mary, ina measc. 

Ag cur síos ar an aistear, dúirt sé go raibh sé 'deacair ach deas' agus nár éirigh leis dul amach ar an mbóthar ach ar aon lá amháin nuair a thit sneachta i gColorado, rud a chiallaigh nach raibh sé sábháilte dul amach. 

Idir rothar agus rith, dúirt Shane gur bhraith sé go raibh na laethanta ag rith níos deacra ar a chorp cé go raibh níos mó d'achar á dhéanamh aige agus é ar a rothar. Deir sé 'gur thóg sé níos mó as a chorp'.

Maidir le dúshlán an mheoin, deir sé go raibh sé de nós aige an t-am a bhriseadh síos agus cuimhniú ar an traenáil a rinne sé thart ar Cheann Sleá seachas aghaidh a thabhairt ar an áit a raibh sé i Meiriceá.

Shane Finn

Gach maidin, dúirt sé go mbíodh 'an chéad 65km deacair' ach go ndeachaigh sé i dtaithí ar an aclaíocht mar sin féin, 'seo an rud a dhéanann mo chorp'.

Tá airgead fós á bhailiú ag Shane do Spina Bifida agus cé go bhfuil sé i gceist aige sos a thógáil ón aclaíocht anois ar feadh tamaill.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08-1.00 ón Luan go hAoine