Labhair Cian Ó Cíobháin le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidir leis an 20 bliain atá caite aige ag obair ar An Taobh Tuathail ar Raidió na Gaeltachta.

Sula raibh muintir na cruinne ag roinnt liostaí ceoil le chéile, cruthaíodh spás don cheol ailtéarnach ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nuair a cuireadh tús leis An Taobh Tuathail Lá Bealtaine, 1999. Deir Cian go bhfuil an cháil amuigh ar a chlár agus go gcuirtear suas le 500 píosa ceoil chuige gach aon seachtain le seinnt ar a chlár atá ar siúl idir 10 agus meánoíche. 

Leis an 20 bliain den chlár a chomóradh, d'iarr Cian ar cheoltóirí traiceanna nár casadh in aon áit eile a chur chuige agus baineadh siar as mar go bhfuair sé an oiread sin ceoil ó ghrúpaí ceoil chun trí oíche ceoil a líonadh agus go mbeidh ceol ó Mhuireann Nic Amhlaoibh, Ships agus grúpaí eile.

Bhí oíche cheiliúrtha Dé hAoine i Róisín Dubh i nGaillimh le ceol beo le Ships agus Mount Alaska agus Cian ag 'djáil' ina dhiaidh sin.

Ag caint ar a stair le cúrsaí ceoil, deir sé 'Thiteas i ngrá le popcheol sna hochtóidí luaithe, Madonna, Michael Jackson agus Bruce Springsteen'. agus gur fhás a spéis sa cheol astu sin.

Go maire sé an chéad scór bliain eile!

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08-1.00 ón Luan go hAoine.