Ar Malairt Poirt na seachtaine seo beimid ag ceiliúradh Lá Idirnáisiúnta an tSnagcheoil a thiteann ar an 30ú Aibreán. Beimid ag caint le Caitríona Ní Mhathúna ón gcomhlacht Improvised Music a dhéanfaidh cur síos ar an snagcheoil in Éirinn agus ar a bheidh ar siúl timpeall na tíre ar an 30ú.

Mar shampla den snagcheoil Eireannach a bheidh á sheimint agam seo  cúpla físeán de ghrúpaí Éireannacha

Seo Booka Brass Band, ana sheans gur chuala sibh an ngeang seo ag seimint ag féile éígint mar is minic ann iad agus anuas ar sin táíd tar éis seimint le leithéidí The Frames, James Vincent McMorrow agus Lisa Hannigan. Deir siad gur stíl New Orleans an sórt snagcheoil a sheinneann siad le uirlsí práise don gcuid is mó, seo iad anois le BBB.

Seo 3epkano, a thagann ó Bhlea Cliath, cumann siad ceol nua aimsirthe agus fuaim rian agus tá cúlra claisaiceach agus rock ag baill an ghrúpa

Seo an grúpa Notify, atá déanta suas des na ceoltóirí traidisiúnta Pádraig Rynne agus Cillian ing agus ceoltóirí snagcheoil  Cormac McCarthy, Davey Ryan agus Eoin Walsh agus tá sé fógartha go mbeidh siad seo ag seimint ag Féile Dhúlainn i mí an Mheithimh, ceann des na Féílte cheoil is ansan liom sa tír.

É sin ar fad maraon le ceol traidisiúnta agus nua chumtha ó Éireann agus i bhfad i gcéin. Bí liom an Satharn seo 7-9pm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.