Labhair Bláthnaid Ní Chofaigh le daoine i Rinn na Mara i mBaile Átha Cliath a thagann le chéile gach mí le snámh sa bhfarraige nuair atá an ghealach lán.

Deir Carrie Crowley go dtagann an dream daoine le chéile gach mí leis an ngealach lán a cheiliúradh agus cén go mbíonn an t-uisce fuar, is fiú i gcónaí dul isteach sa mhuir ar feadh tamaillín leis an nasc idir corp agus anam a aimsiú.

Bhí ceol, comhluadar agus craic ann agus deir Carrie Crowley go mbraitheann sí go bhfuil 'gach rud beo' faoi sholas na gealaí. 'Tá sé chomh gleoite', a deir sí faoin taithí.

 

Is 'mood changer' a deir duine de na daoine a bhíonn ag snámh. Cailleadh fear céile na mná seo agus deir sí gur rud é a athraíonn a meon go hiomlán agus go bhfuil sí 'mín, dearfach agus cairdiúil' i ndiaidh a bheith san uisce.

Craoltar Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 10.15 agus 12 meánlae ar an Satharn.