Labhair an file Seosamh Ó Murchú le Tristan Rosenstock ar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar gheall ar a chnuasach nua filíochta, Athchuairt.

D'iarr Tristan ar Sheosamh faoi théamaí atá i dtreis ina chuid filíochta; an stair agus an bás ach go háirithe . Deir Ó Murchú go bhfuil spéis faoi leith aige sa stair agus gur scríobh sé dánta faoi eachtraí staire a chuaigh i bhfeidhm air, mar shampla, faoi eachtra a tharla in iarthar Mhaigh Eo le linn aimsir an drochshaoil agus faoi mhuintir Chocktaw a thacaigh le muintir na hÉireann. 'Dheineas iarracht an dá rud sin a tharrac le chéile', a deir sé.

Síleann an file go gcabhraíonn eachtraí staire agus logainmneacha linn aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí atá againn maidir le cúrsaí ama agus 'breith ar na neoiminti a théann i bhfeidhm ar dhaoine'. Luann sé go dtugann sé súntas do 'na hiarrachtaí fánacha a bhíonn againn an t-am a stopadh, más maith leat'. Díríonn sé ar 'an stair mar a chuaigh i bhfeidhm ar an duine aonair', go príomha.

Maidir le cúrsaí báis, téama eile a thagann chun cinn sa chnuasach nua, deir Seosamh go síleann sé go bhfuil sé de bhuntáiste againn in Éirinn go bhfuil muid oscailte maidir leis an mbás. Dár ndóigh, 'níl aon seachaint ar an mbás' ach éiríonn linn dul i ngleic leis an mbás tríd úsáid a bhaint as an ngreann dorcha a shamhlaítear linn mar náisiún agus gurb é sin atá i gceist leis an dán, Fógra Báis.

Tá Athchuairt foilsithe ag Coiscéim

Craoltar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Dé Domhnaigh ag 6.30-7.00