Labhair Aindrias Ó Muineacháin,TD le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas faoin gceist a chur sé sa Dáil imaidir leis an easpa Gaelscoileanna. Deir sé go gcaithfear an córas a athrú má tá'n Rialtas dáiríre faoin dteanga chur chun cínn.

Deir an Teacht Dála go bhfuil éileamh ann timpeall na tíre do bhreis Gaelscolaíochta ach nach bhfuil siad pleanáilte sna blianta romhainn. Feiceann Ó Muineacháin go bhfuil 'An Ghaeilge in iomaíocht le creideamh' Ag tagairt don suibhé a rinne an ESRI deir sé gur léirigh an pobal go raibh spéis ag 23% a gcuid páistí a chur go Gaelscoil ach nach bhfuil ach 10% de na scoileanna atá pleanáilte le bheith ina nGaelscoileanna.

Helen Ní Shé, láithreoir An Saol Ó Dheas

Ba cheart go mbeadh claonadh ann i dtreo na Gaelscolaíochta, a deir Ó Muineachán mar go bhfuil 'bearna le líonadh' agus deir sé nach bhfuil an rialtas ag obair tapaidh go leor maidir leis an mbearna a líonadh. 

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08 agus 1.00 ón Luan go hAoine.