Tá na laethanta fada an Earraigh ag síneadh os ár gcomhair agus nár dheas an deis a thapú agus aghaidh a thabhairt ar cheantar Gaeltachta agus féile faoi lán tseoil ann? 

Féile Bia Iarthar Phort Láirge, i nDún Garbhan i gContae Phort Láirge

Ar siúl: 25-28 Aibreán

Cad atá ann? 

Bhuel, bia, blaiseadh de bhialanna an cheantair chomh maith le neart imeachtaí dátheangacha!

I measc bhuaicphointí na féile, tá: dinnéar speisialta i gCaisleán an Leasa Mhóir le chefanna Ross Lewis agus Danni Barry, in éineacht le Paula Stakelum chomh maith le siúlóid sléibhe tríd na Comaraigh thar chúrsa 8k agus turas dátheangach thart ar Iarthar Phort Láirge, Gaeltacht na nDéise ar cheann de na stopanna!

Tuilleadh eolais faoin bhféile anseo

Féile na Bealtaine, An Daingean

Ar siúl: 2-6 Bealtaine, sa Daingean.

Cad atá ann? 

Tá an fhéile seo lán le hiontais, ealaíon agus spraoi a thrasnaíonn ó chultúr na nGael go rince comhaimseartha agus ó phodchraoltaí go péintéireacht. 

Líse Nic Fhloinn ag baint súp as Féile na Bealtaine

I measc na n-imeachtaí a sheasanna amach ó chlár na bliana seo, tá taispeántas an ealaíontóra áitiúil, Elouise Flannery 'Love Potion', Colm Mac Con Iomaire sa Díseart agus Bird On The Wire – Songs of Leonard Cohen by Pauline Scanlon & The Whileaways agus neart eile!

Tuilleadh eolais faoi Fhéile na Bealtaine anseo