Labhair Colm Mac Con Iomaire le hAonghus Ó Lochlainn ar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina albam nua, Tost ar an Abhainn

D'fhiafraigh Aonghus do Cholm cén chaoi a dtagann sé ar an gceol agus deir Colm nach mbíonn sé ag smaoineamh faoina chuid méaracha 'ar chor ar bith' agus é i mbun cumadóireachta ach faoin bhfonn agus an scaffolding.

Tugann sé le fios nach bhfeiceann sé féin mar mháistir an cheoil ach go n-airíonn sé go bhfuil sé 'ag leanacht an cheoil' seachas go bhfuil sé i gceannas air. 

Labhair Mac Con Iomaire faoi fhréamhacha an cheoil nua ar an albam, Tost ar an Abhainn, deir sé gur píosaí ceoil a choimisiúnaigh cláracha teilifíse agus scannán iad 9 as an 10 gcinn atá ar an albam. 

'más crann an scannán, is mise an sú atá sa gcrann', a deir sé.

Craoltar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Domhnach, 18:30-19:00