Labhair Brían Mag Gloinn le Tristan Rosenstock faoi cheirnín nua Ye Vagabonds "The Hare's Lament" ar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Luann Brían, arbh as Ceatharlach é agus a dheartháir, Diarmuid an cheangail láidir teaghlaigh le hArainn Mhór atá amach as cósta Dhún na nGall. Luann sé go bhfuil amhráin de chuid Róise Rua, amhránaí cáiliúil ón oileán tábhachtach don ghrúpa ceoil agus go bhfuil Bacach Shíl Andaí ar "The Hare's Lament" mar gheall uirthi.

Labhair Tristan agus Brían mar gheall ar thionchar an lucht siúil i gcomhthéacs na hamhránaíochta traidisiúnta ach go háirithe maidir le scaipeadh na n-amhrán. Bhí spéis ag Brían ariamh sa cheol traidisiúnta, fiú agus é ina dhéagóir, fuair sé deis seachtain a chaitheamh i dTaisce Cheol Dúchais Éireann agus deir sé gur seachtain speisialta a bhí ann dó, ag tochailt i gcartlann na n-amhrán.

Róise na n-Amhrán

Maidir leis an rogha idir amhráin atá sa traidisiún cheana nó amhráin a chumadh as an nua, deir Brían go síleann sé go bhfuil Ye Vagabonds ag tógáil droichid idir an dá saghas ceoil.

Craoltar An Cúinne Dána ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gach Domhnach 18:30-19:00