Bhí ceol agus caint ag Síle Denvir agus Barry Kerr le Rónán Mac Aodha Bhuí faoi thionscnamh ealaíne Bharry a bheas ar siúl i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn, 30 Márta.

Tionscnamh nuálaíoch, eisceachtúil atá in CONTINUUM ina bhfuil ceol agus ealaíon Bharry ag tagairt dá chéile. Labhair Síle faoi cúpla amhrán a bhfuil ealaíon cruthaithe ag Barry mar fhreagra ar an amhrán traidisiúnta bunaithe ar thragóid a tharla i gConamara. 

We need your consent to load this Facebook contentWe use Facebook to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

10 n-amhrán ar fad atá cumtha ag Barry agus iad bunaithe ar théamaí nua-aimseartha agus traidisiúnta, cuid acu bunaithe ar an bhfarraige agus dúshláin an lae inniu, tithíocht, athrú aeráide agus caidrimh phearsanta, ina measc.
 

Beidh ceoltóirí eile i dteannta Bharry agus Shíle in Amharclann Smock Alley, sin iad Muireann Nic Amhlaoibh, Pauline Scanlon, Niall Hannah, Niamh Dunne agus Seán Óg Graham. Is féidir ticéad a cheannach don taispeántas anseo

Craoltar Rónán Beo idir 3 agus 5 Déardaoin agus Dé hAoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.