Labhair Brenda Ní Shúilleabháin le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidir leis an leabhar, Country Girls le hEdna O' Brien agus Sive le John B Keane.

Dhá leabhar iad seo a chur síos ar shaol na mban agus ar shaol na tuaithe a chothaigh conspóid nuair a foilsíodh iad. Labhair Brenda faoi leabhar clúiteach O' Brien a chur síos ar fhorbairt ghnéasach mná óga, rud a thug Charlie Haughey 'bréan salach' air ag an am. Luann Ní Shúilleabháin go bhfuil sé deacair san am atá i láthair an raic a tharla a thuiscint ach in san linn inár foilsíodh air go raibh an Eaglais 'i mbun na tíre' agus go raibh 'dlí Dé' á chur i bhfeidhm ag John Charles Mc Quaid, a bhí ina Phríomháidh Chaitliceach na hÉireann ag an am.

Edna O' Brien, údar The Country Girls

Go bunúsach, bhí an 'cur síos ana-lom, oscailte' ar fhorbairt na mban 'i gcoinne rúibricí na linne. Deir Brenda go raibh sé 'leagtha amach do mhná fanacht socair... bhí sé leagtha amach do mhná a bheith umhail dá gcéilí pósta, umhail dá n-aithreacha agus ansin umhail dá gcéilí pósta'. Ní mar sin atá na mná sa leabhar seo, a deir Brenda, bhíodar fiosrach, ní hamháin faoi chúrsaí gnéis ach faoin saol ar fad. 

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltacha ón Luan go hAoine idir 12.08-1.00.