Labhair Bláthnaid Ní Chofaigh le Fiona Coyle, stiúrthóir na heagraíochta End FGM EU, ar an gclár Bláthnaid Libh, faoin gciorrú baill ghiniúna (genital mutation) a dhéantar ar chailíní óga i dtíortha ar fud an domhain. 

Fiona Coyle, stiúrthóir End FGM EU 

An t-am seo den bhliain, bíonn muintir na hÉireann ag caint ar an gcéad Chomaoineach nó an Cóineartú. Ach i gcultúir eile, baineann an t-am seo den bhliain le Gearradh - gearradh ar chailíní beaga ón Inida, ón Éigipt, ó Mhalaeisia, ón Indinéis, ón gColóim agus ó chuid de thíortha na hAfraice. Go hidirnáisiúnta, FGM (Female Genital Mutilation) FGC (Female Genital Circumcision) a thugtar ar an ngearradh, ach seasúr an ghearrtha a thugann go leor cultúr air. 

Tarlaíonn an gearradh ag aois an chéad Chomaoiní de ghnáth, ach deirtear anois go bhfuil sé ag tarlú ag aois chomh hóg le trí mhí. Tá ceithre chineál ghearrtha i gceist: gearradh cuid den bhrillín, gearradh an bhrillín agus an labia, gearradh infibulation: déantar oscailt níos mó agus ansin d'fhéadfaí greamanna a chur isteach chun é a choinneáil dúnta. Sa cheathrú gearradh déantar dochar nó gearradh nó dó ar an gcuid sin de chorp na mban. 

I dtíortha áirithe baineann an nós seo le creideamh nó luach, is é sin má tá cleamhnas agus spré i gceist agus má tá an bhean gearrtha, tá sé soiléir don fhear atá chun í a phósadh nár leagadh lámh uirthi. Is é an rud is suntasaí mar gheall ar an nós seo ná go dtuigtear gurb iad mná níos sine atá i mbun an ghnáthaimh ar chailíní óga toisc go bhfuil airgead le déanamh as. 

Tá a fhios ag an saol go bhfuil sé an-deacair nósanna a bhriseadh, fiú amháin má táid i gcoinne an dlí, ach go dtí go bhfuil cearta ag mná ar fud an domhain, is baolach go gcoinnneoidh an nós seo ag tarlú dar le Fiona. 

Craoltar Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gach Satharn ó 10.15 go dtí 12.00.