Sa treoir-ghníomh seo chun tuilleadh cliant a tharraingt chugaibh, ba mhaith liom 12 de shlite simplí ach cumhachtach a roinnt libh le go mbeadh ar bhur gcumas tuilleadh cliant a mhealladh chugaibh agus mar thoradh air sin tuilleadh airgid a bheith ar fáil chun forbairt a dhéanamh ar bhur ngnó.

#1

Treoir-ghníomh.

Níl costas mór i gceist agus cuid den mhargaíocht seo saor in aisce ach oibríonn siad!  Is cinnte go bhfuil neart slite agus straitéis chun cliaint agus an ród fhad leo a aithint, ach nilimid ach chun diriú isteach ar na slite gur féidir a bheith curtha i gcrích taobh istigh de 24 uair. (Agus chomh minic taobh istigh de 30 bomaite!)

Go bunúsach is féidir leis an mhórchuid acu a bheith déanta anois – tá na huirlisí oibre agaibh le dul i mbun na hoibre seo lom laithreach.

Beidh na straitéis thíos ag leagan béime ar theagmháil dhíreach agus idirghníomh phearsanta le daoine – gan a bheith as amharc taobh thiar den ríomhaire, do líne chlib, na meáin shoisialta agus fiú do shuíomh greasáin!  Na straitéis seo nuair atá siad curtha i bhfeidhm go cumasach a chuideoidh leat tuilleadh chliant a tharraingt chugat agus chugat go tapaidh!

Níl ort ach na céimeanna seo a leanúint agus a bheith dairíre futhú.  Bíodh meon inspreagtha agat nuair atá tú ina mbun - chuir mé gach aon cheann faoi scrúdú agus triallacha pearsanta agus oibríonn siad!

Cuidíonn Moira Ní Ghallchóir, bean as Dhún na nGall, le lucht ghnó spreagadh i dtreo díolacháin, ratha sola agus saoirse. Údar fhoilsithe í sa leabhar: Remarkable Women: Overcoming Mediocrity a bhí go hoifigiúil ag #1 ar an leabhar ab fhearr díolta ag Amazon.