Labhair Bláthnaid Ní Chofaigh le Jonny Dillon agus Claire Doohan ón Roinn Béaloidis i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath ar an gclár Bláthnaid Libh, maidir leis na nósanna grámhara Gaelacha a bhí ann fadó in Éirinn. 

Ceiliúradh románsúil is ea Lá Fhéile Vailintín a d'eascair ón Eaglais Chaitliceach le linn ré na Críostaíochta. Cé gur téama uilíoch é an grá, tá cúlra Éireannach ag an bhféile úd seo. Thug Jonny agus Claire léargas suntasach do Bhláthnaid ar na seanchleachtais a bhí ag na Gaeil ó na mílte lámhscríbhinní agus grianghraif a d'aimsíodar ó chartlann Bhéaloideas Éireann. 

Ábhar a bailíodh agus atá ar fáil Dúchas.ie

Cúrsaí grá agus cleamhnas:

Is í an tusicint atá againn ar an gcleamhnas sa lá atá inniu ann ná an caidreamh a fhásann idir beirt duine. Cinneadh teaghlaigh ba ea an cleamhnas san am a d'imigh thart, toisc gur bhain cúrsaí eacnamaíochta go dlúth leis an gcleamhnas, saibhreas an teaghlaigh ach go háirithe. Ba mhinic a bhíodh an chlann ag brath ar an bpíosa talún, na beithigh, nó an spré a bhfaighidís de dheasca an chleamhnais. Bhí cultúr aithne a chur ar dhaoine i réim fadó in Éirinn chomh maith. Dhéanadh cara clainne an 'matchmaking' nó shonraíodh duine proifisiúnta a leithéid de dhuine a bhíodh uaidh dá mhac/iníon. Ní raibh sé éasca don mbean an pósadh a dhiúltiú. Bhí an nós ag muintir Uladh teitheadh go Port Patrick san Alban agus iad ag iarraidh éalú ón gcleamhnas.

Bhíodh cosc ar pósadh laistigh den gCarghas. Tharlaíodh formhór na bpóstaí le linn aimsir na hInide, díreach roimh an gCarghas. Chuirtí brú ollmhór ar dhaoine mura rabhadar pósta laistigh d'aois áirithe. 'Girls' a ghlaotaí ar na mná nach raibh pósta agus 'Bean' a ghlaotaí ar na mná a bhí pósta. Is cosúil nach raibh tú i do 'bhean' go dtí go raibh tú pósta. 

Ábhar a bailíodh agus atá ar fáil Dúchas.ie

Cé go raibh dearfachas ag baint le téama an ghrá i seanchas na hÉireann, bhí scéalta gruama traumhéileacha i leith an ghrá fite fuaite sna scéalta Béaloidis freisin. Domhnach na Cailce a thugtaí ar an Domhnach roimh an gCarghas. Tar éis Aifreann Domhnaigh, chaithtí salann ar na daoine nach raibh pósta chun go mairfidís go dtí an chéad bhliain eile, nó scríobhtaí orthu le píosa beag cailce.

Ábhar a bailíodh agus atá ar fáil Dúchas.ie

Oíche na Sceilge a bhaistigh muintir Chorcaí ar oíche dheireanach na hInide. Dhéantaí daoine a thógaint tríd na sráideanna agus mhaslaítí iad, na fir san áireamh ag rá go mbeadh orthu dul ar oilithreacht chuig an Sceilg chun a bpeacaí a chur uathu. 

Níl amhras ar bith ach go raibh ról nach beag ag traidisiún ársa an chleamhnais in Éirinn fadó fadó. Cé go bhfuil athruithe tar éis teacht ar na cleachtais agus an traidisiún, is fíor go deimhin an méid a mhaíonn Jonny gur 'bun rud é an grá atá ionainn go smior' agus go mbeidh daoine i gcónaí á chuartú, ag breathnú mórthimpeall orthu ag ceistiú cad atá i ndán dóibh, mar go bhfuil tábhacht an ghrá in aigne chuile dhuine. 

Craoltar Bláthnaid Libh idir 10.15-11.00 maidin Shathairn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.