Craoladh clár speisialta den Saol Ó Dheas as Tigh an Phóist i gCorca Dhuibhne inné- áit ar dhún an siopa áitiúil deireanach atá ag freastal ar phobal Gaeltachta i gCiarraí. Labhair bean a' tí, Johanna Ní Chonchúir chomh maith le comharsana agus cairde faoi thábhacht an tsiopa sa cheantar, chomh maith le bánú na tuaithe.

 

Bhí cuimhní cinn á roinnt ag daoine ar an siopa atá ar an bhfód le breis agus céad bliain. Deir Helen Ní Shé, láithreoir An Saol Ó Dheas go bhfuil comharthaí an tseanshaoil agus an saol nua sa siopa, áit a raibh arán saor ó ghlútan agus seanaleabhair na scoile san aon áit amháin, i dTigh an Phóist.

Tigh an Phóist

Deir Johanna go mbraitheann sí go bhfuil idir 'uaigneas agus saoirse' uirthi agus an siopa ag dúnadh. Baineann dúnadh an tsiopa le bánú na tuaithe trí chéile a deir comharsana agus an easpa deiseanna fostaíochta faoin dtuath agus na fadhbanna a bhaineann le tithe a thógáil i gCorca Dhuibhne.

Deir Séamus Begley gur 'lá ana-bhrónach' ab ea an dúnadh an tsiopa seo agus deir sé go raibh sé deacair ar éinne a bheith ag maireachtáil faoin dtuath mar go raibh siopaí agus seirbhisí na háite ag dúnadh, 'cad é an chéad rud eile?' a cheistigh sé.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08-1.00 Luan go hAoine.