Ghlac beirt éisteoir de chuid Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Ola Majekodunmi, Mac Léinn in IADT agus craoltóir ar Raidió na Life agus Jimmy Hill, Ollamh le fiontraíocht in Ollscoil na hÉireann. lenár gcuireadh An Fáinne a chaitheamh ar feadh seachtaine agus a rá linn conas ar éirigh leo

Deir an bheirt nár tugadh mórán airde ar an suaitheantas agus iad á chaitheamh ar feadh tréimhse. Níor labhair stráinséir ar bith Gaeilge léi agus deir Jimmy go raibh macasamhail an taithí chéanna aigesan. 

Luann Michelle go bhfuil Conradh na Gaeilge ag iarraidh prófíl na ndaoine a chaitheann an fáinne a athrú chuig daoine óga. Tá íomhá 'seanfhaiseanta' ag Jimmy agus go bhfuil' jab le déanamh ag Conradh na Gaeilge' leis an íomhá sin a athrú.


Luaigh Ola agus Jimmy beirt go mbíodh an fáinne á chaitheamh acu ag tréimhsí eile ina gcuid saoil ach go raibh siad éirithe as an nós le tamaill anuas. 

Craoltar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Luan go hAoine óna 5.