Tá deireadh seachtaine mór ceoil beartaithe d’éisteoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta agus do phobal Chorcaí mar go mbeidh an chraobh do Bhonn Óir Seán Ó Riada, Comhdháil na gCeoltóirí agus an Choirm Órdha ar siúl ansin Dé hAoine agus Dé Sathairn.

Dé hAoine ag 7 pm, craolfar an chraobh do Bhonn Óir Seán Ó Riada beo ó Óstán an Rochestown Park i gCorcaigh.Beidh 17 fidléir ar stáitse in iomlán, ina measc beidh deartháir agus deirfiúr ó Bhéal na Molt i bPort Láirge, Sarah agus Séamus O’Gorman, agus triúr ceoltóir a bheidh tagtha anall as Stáit Aontaithe Mheiriceá.Is é Ademar O’Connor, 15, as Éadan Doire i Uíbh Fhailí, an t-iomaitheoir is óige.  Is é Macdara Ó Faoláin, ón Rinn, an t-aon iomaitheoir Gaeltachta i mbliana. 

Is é Peadar Ó Riada a reáchtálann an comórtas seo ar a chlár Cuireadh chun Ceoil gach bliain.Beidh €2500 ag dul don bhuaiteoir chomh maith leis an mBonn Óir. Beidh an chraobh á craoladh beo ar leathanach Facebook Raidió na Gaeltachta freisin. 

Seán Ó Riada

Dé Sathairn, beidh dhá imeacht eile ar bun san óstán ceangailte leis an mBonn Óir.Ag 2 pm, beidh Comhdháil na gCeoltóirí ar siúl, le ceardlanna agus comhairle do cheoltóirí faoi chúrsaí foilsitheoireachta, cearta, deontais, poiblíocht agus a leithéid.Tá costas €5 ar an doras.

Ansin ag 8 pm, beidh an Choirm Órdha ann, ceolchoirm le hiar-bhuaiteoirí an bhoinn agus tá saorchead isteach.Ar stáitse i mbliana beidh Oisín Morrison (cruit), Tiarnán Ó Duinnchinn (píob), Tim McHugh (feadóg mhór), Úna Ní Fhlannagáin (cruit), Keelan McGrath (bosca), Éanna Ó Cróinín (píobaí) agus Con Houlihan (píob mhór) a bhuaigh Gradam Fhéile na Laoch.Tá súil go mbeidh buaiteoir na bliana seo páirteach sa choirm freisin.

Tá breis eolais faoi imeachtaí an deireadh seachtaine le fáil ag www.rte.ie/rnag