Labhair Michelle Nic Grianna ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le triúr a bhfuil baint acu le páistí a thógáil le Gaeilge maidir leis na dúshláin atá roimh thuismitheoirí chomh maith leis an tacaíocht atá ar fáil dóibh siúd a roghnaíonn sin a dhéanamh.

Is iad Donncha Ó hÉallaithe, Rúnaí, Fóram Pleanáil Teanga Chois Fharraige, Sorcha Ní Chéilleachair, Príomhfheidhmeannach Tuismithteoirí na Gaeltachta agus Cabríní de Barra, Oifigeach Forbartha, Glór na nGael a phlé an t-ábhar casta.

Michelle Nic Grianna, láithreoir an chláir, Tús Áite.

Deir Donncha nach raibh iontas air nuair a léigh sé alt Fhachtna Uí Dhrisceoil maidir le tuismitheoirí a bhfuil Gaeilge acu nach dtógann a gclann féin leis an teanga. Deir sé go raibh a leithéid feicthe aige 

Luann sé nach ionann an dá chas ina dtógtar páistí i. laistigh agus lasmuigh den Ghaeltachta agus tá sé den tuairim go bhfuil sé i bhfad níos éasca clann a thógáil le Gaeilge nuair atá an teanga sa timpeallacht. Cúis buartha do Dhonncha 'a laghad taighde atá déanta' maidir leis an ábhar seo.

Labhair Cabríní mar gheall ar an taithí a bhí aici ag tógáil páistí, áit nach raibh Gaeilge ag a céile. Deir sí go raibh deacrachtaí ann ach gurb é an rud is tábhachtaí ná 'leanúint leis' agus 'gan géilleadh' do theangacha eile mórthimpeall ort.

Deir Príomhfheidhmeannach Tuismitheoirí na Gaeltachta, Sorcha Ní Chéilleachair, nach bhfuil sí ag iarraidh 'aon bhreithiúnas' a dhéanamh ar éinne mar gur rogha an-phearsanta í an teanga a labhraítear sa teach. Deir sí go bhfuil Tuismitheoirí na Gaeltachta ag iarraidh a léiriú do dhaoine go bhfuil 'buntáistí ag baint le páistí a thógáil le Gaeilge' ach nach bhfuil an 'tacaíocht chuí' ann ón rialtas.

Craoltar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Luan go hAoine óna 5