Labhair Michelle Nic Grianna le roinnt tuismitheoirí faoi na dúshláin a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht ar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Scríobh Fachtna Ó Drisceoil, léiritheoir an chláir, Tús Áite alt maidir leis an rogha a dhéanann daoine le Gaeilge gan a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge. Ag eascairt as an bpíosa sin, labhair Caoimhe Ní Laighin, Iriseoir Nuacht TG4, Máthair le triúr páiste; Blaise Pearse, Léachtóir Eolaíochta, Máthair le beirt leanbh; Éamon Mac Niallais, Stiúrthóir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair, agus athair faoina dtaithí féin.

Deir Caoimhe go ndearna sí 'tréan iarracht' Gaeilge a labhairt lena hiníon atá anois dhá bhliain d'aois ach nuair a thosaigh sí á freagairt i mBéarla gur tháinig lagmhisneach uirthi mar gur shíl sí go raibh 'teipthe' uirthi. 'Ní raibh mé réidh do sin' a deir Ní Laighin. Luaigh Caoimhe saothar an teangeolaí, Joshua Fishman a deir gurb é an ghné is tábhachtaí don teanga ná go labhródh glúinte an teanga le chéile, thar aon ní eile.

Labhair Blaise faoin eispéaras a bhí aici sin, duine nach raibh líofa agus í ag iarraidh a páistí a thógáil le Gaeilge. Deir sí go raibh a taithí amhlaidh le taithí Chaoimhe, go bhfuil sí ag labhairt i nGaeilge lena páistí i nGaeilge ach go bhfuil siad ag freagairt i mBéarla ach go bhfuil sí fós dóchasach faoin todhchaí, cé go bhfuil 'neart dúshlán' ann.

Ag labhairt ar thaithí eile, deir Éamonn go bhfuil an taithí ann sa Ghaeltacht mar go bhfuil an timpeallacht Ghaeilge ann, mar shampla ó sheantuismitheoirí agus ón bpobal uilig. Deir sé, áfach, go bhfuil déagóirí an cheantair ag labhairt i mBéarla agus gur cheart dúinn a bheith 'níos ionraice' le go mbeadh muid in ann tacú le leithéidí Chaoimhe agus Blaise ach go háirithe nuair a shíleann siad go bhfuil teipthe orthu. Síleann Éamonn gur gcuirfeadh sé seo le 'muinín' na dtuismitheoirí agus iad ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge.

Craoltar Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Luan go hAoine idir 5 agus 5.55 i.n