Labhair an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh le Frances Nic Géidigh ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoin imní atá air go bhfuil obair ar bun ar na sean ionaid custaim agus pointí trasnaithe ar an teorainn faoi láthair.

Deir Ó Dochartaigh go bhfuil réamhobair ar siúl ach go bhfuil sé 'ag tarlú go príobháideach, cé nach bhfuil an rialtas sásta é a rá '. Chuir sé béim ar na condaetha atá cois teorainn agus na himpleachtaí a bheas ann maidir le gnó agus fostaíocht ach go háirithe mura n-éiríonn leis an gcúlstad. 

'tá an cead agus an ceart ag an muintir Dhún na nGall agus muintir ar an dá thaobh den teorainn fios a bheith acu caidé na pleananna atá ann ó thaobh an teorainn de mura rachfaidh an socrú seo fríd.'


Deir sé go bhfuil daoine ann atá ag iarraidh muid a thabhairt ar ais go 'laethanta dorcha' le linn stair na hÉireann agus go bhfuil sé 'fíorthábhachtach go mbeidh socrú ann' leis na nithe seo a sheachaint. 

Ag caint ar shocrú don teorainn, mura n-éiríonn leis an socrú go gcaithfidh 'deis a thabhairt do mhuintir an sé chontae vóta a chaitheamh ar son fanacht san Aontas Eorpach agus an t-aon dóigh le sin a dhéanamh ná vóta a thabhairt ar son Éire aontaithe ag an phointe sin'.

Craoltar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 8 agus 9 Luan go hAoine