Labhair Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le Bríd Uí Mhaoileoin a bhfuil 90 bliain slánaithe aici faoin saol a chaith sí, faoina lá mór agus faoina bhfuil foghlamtha aici.

Deir Bríd go bhfuil sí den tuairim go bhfuil muid ag maireachtáil i 'saol eile ar fad' ón saol a bhí aici agus í ag fás aníos i gCorca Dhuibhne. 'Bhíomar chomh saonta' arsa Bríd, dúirt sí go ndeachaigh sí go Londain le traenáil mar altra agus gur shíl sí go raibh 'crúbacha' ar striapaigh mar go raibh 'obair an diabhail' ar siúl acu agus go ndúradh léi gur mar sin a tharla dóibh.

Nuair a d'fhill Bríd ó Shasana dúirt sí nach raibh sí ag smaoineamh faoi obair a fháil mar gur thuig sí dá bpósadh sí nach mbeadh cead aici a bheith ag obair. Dúirt sí gur ndeirtí le  mná a linne nuair a phós siad gur 'sa chúinne a chaithfeá a bheith, ag a baile'. Ag an am sin, bhíodh mná 'ag freastal ar fhir'.

Helen Ní Shé

Luann Bríd dá mbeadh mná míshásta ina bpósadh nach raibh an dara rogha acu ach fanacht ann mar dá rachfadh siad abhaile go gcuirfeadh a muintir ar ais iad. Cuireann Bríd an locht sin ar bhochtanas na linne agus go raibh 'daoine ana-chrua' dá réir. Admhaíonn Bríd go raibh an suíomh ina raibh mná a linne 'ana-dheacair' agus go bhfuil oiread dul chun cinn déanta ó shin nach bhféadfá an dá shaol a chur i gcomparáid le chéile.

'tá meas inniubh ar na mná, ní raibh an uair sin'

Agus í ag caint ar na nithe a d'fhoghlaim sí ina saol, deir sí go gcaithfidh tú 'scata rudaí a ligean tharat' agus gan a bheith 'suaite' acu agus 'an lá a thógaint fé mar a thiocfaidh sé'.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08 agus 1.00 Luan go hAoine.