Gach seachtaine, tugann Muireann Nic Amhlaoibh, amhránaí, ceoltóir agus láithreoir, a lucht éisteacht ar aistear ceoil laistigh agus lasmuigh d'Éirinn ar a clár, Malairt Poirt le Muireann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ar chlár na seachtaine seo tá agallamh agus ceol beo agam leis an t-amhránaí agus cumadóir Árannach Pádraig Jack. Is as inis Mór de Phádraig agus bíonn sé ag cumadh a chuid amhráin fhéin as Gaoluinn agus Béarla. Tá sé ag taifead albam fé láthair leis an léiritheoir cliútach John Reynolds a oibríonn le leithéídí Sinéad O’Connor agus Damien Dempsey agus beidh sinigl nua leis "Oíche Gheal" ag teacht amach ar an 25ú Eanair.

Seo blaiseadh de cheol Phádraig.

Chomh maith le sin beidh cúpla rian á sheimint agam ón ngrúpa Albanach Bréabach. Tá albam nua eisithe acu le déanaí dar teideal The Frenzy of the Meeting a léirigh Éamonn Doorley (Danú)  agus seinnean siad ceol fuinniúil le réimse mór uirlise agus amhránaíochta. Seo físeán dóibh ag seimint ag féíle Celtic Connections i nGlaschú sa bhlian i 2017.

Tá rian leis an mboscadóir Damien Mullane ar an gclár agam, beidh mé fhéin agus Damien ag dul ar camchúirt Music Network timpeall na tíre i dteannta beirt bhan Albanacha, an t-amhránaí Siobhán Miller agus an ceoltóir iluirlise Anna Massie, tá na dátaí ar fad le fáil ar www.musicnetwork.ie Seo cuid de cheol Damien:

Craoltar Malairt Poirt le Muireann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 7 agus 9, oíche Shathairn.