Eagrán speisialta den Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi dhóiteán Oileán Faoide i gCorcaigh, cothrom 40 bliain na tubaiste.

Ní raibh Eoin ach ina pháiste beag nuair a cailleadh a athair, mar a mhínigh sé do Helen san agallamh. "Bhí’s an-óg ag an am, ní raibh’s ach dhá bhliain go leith nuair a cailleadh é, só is beag cuimhne atá agam air ... ceann amháin sin eile atá agam ... is mór an trua mar bhí’s in ann cuimhniú ar beagnach gach rud ina dhiaidh sin."


"Chuir sé sin isteach orm agus mé ag fás aníos, mar mo bheirt dheartháir bhí siadsan níos críonna – bhí siadsan cúig agus bhí an fear eile díreach naoi mbliana d’aois dhá lá roimis, agus bhí ana chuimhne acu san air." 

"Bhí éad agam orthu ... bhí siadsan in ann é a shamhlú, ní raibh’s in ann é sin a dhéanamh ... Ach ag féachaint siar anois agus mé níos críonna dhíoladar go daor as, na cuimhní sin, bhfuil fhios agat, marthuigeadar san céard a bhí caillte acu.Ní thuigeas féin céard a bhí caillte mar ní raibh aon aithne agam ar an bhfear, dáiríre.Ach é sin ráite, agus mé ag fás aníos bhí an t-easnamh ann, bhí rud éigin in easnamh i gcónaí níl aon dabht faoi sin."

San agallamh, deir sé go gcuimhníonn sé go minic ar na fir bhochta a bhásaigh, agus nár tugadh freagra ar bith ar na teachtaireachtaí raidió éigeandála a rinne siad go dtí an lárionad rialaithe go ceann fiche nóiméad.

"Cuimhním i gónaí ar na leaids amuigh ann agus iad ag iarraidh na teachtaireachtaí raidió a chur isteach agus gan aon fhreagra in aon chor ar feadh 20 nóiméad agus na tinte ifreanda thart timpeall orthu agus ní raibh fiú na pumpanna ar siúl.Ní rabhadar in ann é a throid, nó é a mhúchadh.Ní fhéadfainnse bás níos measa a shamhlú, idir bheith ag bá nó ag dó, bhí sé just go hainnis dóibh."

 Deir sé go mbíonn fearg air faoin méid a tharla.

"Bíonn fearg orm mar ní raibh aon ghá leis, ní raibh aon ghá go bhfaigheadh caoga duine bás.Cuidd ó bhí saint i gceist ... an dá chomhlacht bhíodar ag gearradh siar ar rudaí, ar mhaithe le hairgead is dócha ...An rud is mó a chuireann isteach orm ná na deiseanna atá caillte agam rudaí a phléigh leis... gnáth rudaí, comhairle a fháil uaidh. Fear mór farraige a bhí ann, iascaire, bhí ana eolas aige. Mór an trua nach raibh sé in ann an t-eolas sin a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile."

Sa chlár, beidh agallaimh ag Helen Ní Shé le Seán Ó Ceallaigh, a bhí ag múineadh i mBeantraí, le Máiréad Ní Mhathúna ó Bhéal Átha an Ghaorthaigh, a bhí éirithe an oíche sin lena hathair agus chonaiceadar an spéir dhearg fiche míle ó bhaile, agus le Máire Ní Mhaoileoin a bhí díreach tosaithe ag múineadh sa cheantar.

Craoltar An Saol ó Dheas Luan go hAoine ag 12.08 pm.