Éist siar le Malairt Poirt le Muireann, clár ceoil agus cainte le Muireann Nic Amhlaoibh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Chailleamar duine de veidleadóirí cáiliúla Dhún na nGall, Vincent Campbell, i rith na seachtaine agus beidh rian dá cheol iontach á sheimint agam ar Malairt Poirt le Muireann na seachtaine seo.

Suaimhneas síoraí do Vincent. 

Bíonn rothaí móra an tsaoil de shíor ag casadh agus ní haon dabht go raibh droch bhlian ag an bpobal ceoil i mbliana agus d’éag morán ceoltóirí iontacha. Ach mar dea-scéal do bhí Caitlín álainn Nic Gabhann liom an tseachtain seo chomh maith, agus i féin lonnaithe i nDún na nGall lena fear céíle Ciarán Ó Maonaigh agus táid ag súil le cúpla, gach seans go bhfuilid tagaithe ar an saol fén dtrá is a bheidh an t-alt seo foilsithe! Ach mar sin fhéin, dhein sí éacht, agus do sheinn sí is labhair sí liom féna tógaint is an saol atá anois i nDún na nGall aici. Mile buíochas, a Chaitlín agus comhghairdeachas libh beirt.

Seo í Caitlín,  lena grúpa The High Seas

Tá áthas orm a rá go bhfuil albam nua eisithe ag laoch an cheoil Matt Molloy, Back to the Island is ainm dó agus tá cúpla rian dó á sheimint agam ar chlár na seachtaine seo. Seo Matt ag dul siar cúpla bliain i dteannta an mórghrúpa The Bothy Band. Rock stars cearta!

Craoltar Malairt Poirt le Muireann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta oíche Shathairn idir 7 agus 9