Labhair Caitlín Uí Bheoláin le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidir lena breithlá mór ar an 1 Samhain, nuair a bhain sí céad bliain d'aois amach. 

Saolaíodh Caitlín Uí Bheoláin i gCíll Chúile ar an gcéád lá do Nollaig 1918. Bhog a muintir go Baile Ghóilín i 1928 nuair a riar Coimisiún na Talún taillte Lord Ventry ar mhuintir na h-áite. Bhog Caitlín féin agus a fear céile Mossie go dtí Contae Chill Dara ins na caogaidí trí scéim athlonnaithe eile do chuid Choimisiún na Talún.

D'inis Caitlín cuimhní a hóige do Helen, maidir lena laethanta scoile ar an Muiríoch in Iarthar Dhuibhneach. Labhair sí faoi shiúl chun na scoile, an chúis gur fhan sí sa bhaile i ndiaidh na bunscoile agus an chúis gur bhog a teaghlach go Cill Dara. 

Deir sí gur 'imigh na blianta' go tapaidh uirthi agus nach raibh sí ag súil leis an gcéad bliain a bhaint amach in aon chor, cé go bhfuil aois mhór ag a sinsear freisin.

Caitlín, cois tine.

Labhair a mac Danny, mar gheall ar an talamh 'mín, álainn' agus an spéis sna capaill atá ag contae Chill Dara agus anois ag teaghlach Uí Bheoláin.


Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08-1.00 Luan go hAoine.