Tháinig an t-amhránaí agus ceoltóir, Méabh Ní Bheaglaoích as Baile na bPoc, i nGaeltacht Chiarraí chun cainte le Muireann Nic Amhlaoibh ar a clár, Malairt Poirt le Muireann faoina cúlra ceolmhar, a cuid cumadóireachta féin agus tionchar a muintire ar a rogha ceoil.

Ón gceol clasaiceach, ar nós The Planets Suite le Holst go hamhráin traidisiúnta ar nós Cailín Deas Crúite na mBó a fuair sí óna hathair, tugann Méabh spléachadh dúinn ar an gceol agus filíocht a mhúnlaigh í mar amhránaí agus mar cheoltóir. Agus í ag caint ar an dráma, Aisling? a bhfuil ról aici ann, deir Méabh go gcuireann an dán 'Fill Arís' le Seán Ó Ríordáin a croí 'ag bualadh le bród' gach aon uair a chloiseann sí é. Ag trácht ar Aisling? deir sí go bhfuil sí den tuairim go bhfuil 'práinn' ag baint leis os rud é go bhfuil staid na nGaeltachtaí i mbaol.

Míníonn sí gur fhorbair a hamhrán féin, Amhrán na nGael, atá mar chuid de léiriú Aisling? as an bplé faoi Ghaelachas a bhí ag foireann an dráma, plé a 'mhúscail rud éigin' inti, a deir sí.

Craoltar Malairt Poirt le Muireann oíche Shathairn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 7 agus 9