Nuair a bhí mise i mo leaid óg bhí mé craiceáílte faoi Manchester United. Rugadh i Londain mé agus nuair a bhí me dhá bhliain d’aois bhog mo chlann go Salford taobh amuigh do chathair Mhanchain agus is iad cuid do na céad cuimhní atá agam ó chlós na scoile ná ceastóireacht na maistíní móra, ‘Dearg nó Gorm? a dhéarfaidís linne, buachaillí Rang a hAon, a bhí anois ag spraoi sa chlós mór. I bhfocla eile ar thaitnigh United nó City leat agus go bhfóire Dia ort da mba rud é gur leantóir City tú.

Bhí mise togha mar bhí mo chroí tugtha agam do United seans de bharr na scéalta a bhí cloiste agam ó mo Dheaide faoi na Busby Babes, faoi Duncan Edwards, agus ár ndóigh faoi Best, Law agus Charlton. 

Chuaigh mé go ag breathnú ar United don chéad uair nuair a bhí mé 6 bliana d’aois, ar thráthnóna an 4ú Deireadh Fómhair 1978, do chluiche i gCorn na Sraithe i gcoinne Watford. Ag an am b’iad na laochra a bhí agam ná Gordon McQueen, Joe Jordan agus Steve Coppell agus tá cuimhní agam go fóill ar an gcéad uair go bhfaca mé páírc naofa Old Trafford. Bhí muid ann beagáinín luath agus nuair chuaigh muid in airde na staire san Ardán Thuaidh baineadh siar asam nuair a chonaic mé an pháirc imeartha don chéad uair. Bhí mé i bparthas agus faoi gheasa. Bhí na soilse ar siúl agus bhí cuma chomh glas ar an bhféar nach raibh mé ábalta mo shúile a bhaint uaidh. Níl mórán cuimhní agam ar an gcluiche ach gur buaileadh United 2-1 agus go bhfuair Luther Blisset dhá chúl lena chloigeann do Watford. Nach agam a bhí na scéalta ag dul ar scoil lá arna mhárach! 

Garry Mac Donncha agus Iaruachtarán CLG Aogán Ó Fearghaíl

D’fhreastal mé ar Old Trafford arís ag deireadh mí na Nollag 1978 nuair a d’imir United i gcoinne West Bromwich Albion i gceann do na cluichí ab fhearr a facthas ann le blianta. Bhí an bua ag na cuairteoirí 5-3 le Laurie Cunningham agus Cyrille Regis ar fheabhas ach an cuimhne is mó atá agam ón gcluiche sin ná urchar a shábháil Gary Bailey, cúlbáire United, agus é ag léim trasna an chúl ar nós bradán. Aisteach go leor ní dóigh liom go raibh mé croíbhriste leis an dtoradh mar fiú agus mé i mo leaidín beag neamhurchóideach soineanta, bhí fhios agam go raibh an t-ádh liom díreach a bheith i lathair. 

Bhí cónaí orainn ag an am i dteach sraithe – ‘Two-up-two-down’ mar a thugtaí orthu ach imríodh neart sacar taobh amuigh ar na sráideanna doirneoga. Bhí buachaill darb ainm dó Andrew Oakley, a bhí in aon rang liom, ina chónaí cúpla doras suas uaim agus chaith muid na huaireanta a chloig amuigh ar an tsráid ag iarraidh cúl Jimmy Greenehoff i gcluiche leath-cheannais Chorn an FA 1979 i gcoinne Liverpool a athchruthú. Ach bhuail Arsenal muid 3-2 sa gcluiche ceannais agus b’shin an uair a d’airigh mé briseadh croí don chéad uair! Shíl mé deora áthais nuair a chothromaigh Sammy McIlroy na scóranna dhá nóiméad ón deireadh agus shíl mé deora bróin nuair a scóráíl Alan Sunderland cúl an bhua do na Gunners, cruthaithe ag Liam Brady, nóiméad níos deireannaigh.
Ní cuimhneodh liom tada eile a bheith i mo shaol ag an am ach a bheith ag imirt sacar agus a bheith ag tacú le Manchester United.

Bhí mé ag cluichí in Old Trafford dhá uair eile sular shocraigh mo mhuintir bogadh go Conamara, bua 2-0 i gcoinne Brighton i mí Dheireadh Fómhair 1979 agus bua 4-0 i gcoinne Bristol City i mí Feabhra 1980. Aisteach go leor níl cuimhní ar bith agam ar cheachtar don dá chluiche sin. Ansin i mí Márta 1980 d’fhág muid slán le Salford agus Old Trafford agus chuir muid tús lenár saol nua ar an gCeathrú Rua i gCo. na Gaillimhe. Seans maith go raibh canúintí Noel agus Liam Gallagher agam féin ‘s ag mo dheartháir óg agus muid ag iarraidh dul i dtaithí ar an áit iargúlta creagach seo ina raibh formhór na ndaoine ag labhairt i dteanga aisteach. Is dóígh go raibh cumha orm i ndiaidh United, Old Trafford agus ag imirt sacar ar shráídeanna Salford. Ach ar mo chéad lá i Scoil Mhic Dara casadh buachaillí eile orm a raibh i Rang a Dó a bhí craiceáílte faoin sacar agus Sraith Shasana. Bhí leantóirí Liverpool ann agus Arsenal agus d’imir muid cluichí thar a bheith iomaíocha sa chlós ag am sosa le liathróid leadóige. Mise an taon duine i mo rang a bhí geanúil ar United ach b’iontach an chaoi gur thug sraith sacar Shasana muid uilig le chéile. Is dlúthchairde liom go fóill cuid de na buachaillí sin a casadh orm ar mo chéad lá i Scoil Mhic Dara ar an gCeathrú Rua agus bíonn muid fós ag spochadh as a chéile faoi United, Arsenal agus Liverpool. 

Lean mo ghrá do United i rith na nochtóidí in aineoinn gurb iad Liverpool na máistrí, iad cathréimeach san Eoraip agus i Sasana beagnach chuile bhliain. Ach ghnóthaigh United Corn an FA i 1983 agus ‘85 agus is cuimhin liom chomh ríméadach agus a bhí mé ag breathnú ar an dteilifís le Bryan Robson a fheiceáil ag crochadh an corn in airde faoi dhó i Wembley. Ansin isteach sna nóchaidí chuir Alex Ferguson tús le ré órga a mhar ós cionn scór bliain. Bhí mé i mo mhac léinn i nGaillimh nuair a chríochnaigh siad ar bharr tábla na Príomh-roinne i 1993, an chéad uair do United a bheith buacach sa tsraith ó 1967. Faoi dheiridh mhothaigh mé buaic na glóire le mo fhoireann. Bhí ár dtréibhse inár gceann feadhna ar Shasana tagtha agus nach muid a bhain súp as. In aineoinn go raibh scrúdaithe ollscoile agam cúpla lá níos deireannaigh chuaigh mé chuig teach tábhairne an ‘Hole in the Wall’ i nGaillimh le beirt cairde ón gCeathrú Rua chun bronnadh Chorn na Príomhroinne a fheiceáil le mo dhá shúil féín ar thráthnóna Luan i mí Bealtaine 1993. Caithfidh mé a rá gur tháinig tocht orm nuair a fuair Steve Bruce agus Bryan Robson greim daingean ar an gcorn. Bhí muid sna flaithis agus b’iad United an Liverpool nua!! Ghnóthaigh muid an ‘Double’ i 1994 agus 1996 le Eric Cantona ag stiúradh na himeartha (fear a chuir mearbhall ar lucht na meáin nuair a thagair sé do sairdíní, trálaeir agus faoileáin). Faoin am seo bhí mé i ndiaidh bogadh go Baile Átha Cliath le dul i mbun oibre le RTÉ ar an gclár seachtainiúil spóirt ‘Spórtiris’ a craoladh ar TnaG ag an am. Anois bhí mé ag fáil íoctha chun labhairt faoi mo chaitheamh aimsire agus ba mhinic linn a bheith ag plé sacar na príomhroinne agus sraith na seaimpíní ar an gclár. 

I 1999 bhain United barr réime amach san Eoraip don chéad uair ó 1968 nuair a scóraíl Teddy Sheringham agus Ole Gunnar Solskjaer in am cúiteamh gortaithe chun Bayern Munich a chloí. Bhí mé i Kielys i nDomhnach Broc ag breathnú ar an gcluiche i dteannta Seán Ó Méalóid, léiritheoir a d’oibrigh liom ar Spórtiris agus diabhal dearg eile. Ní dóigh liom gur mhothaigh mé chomh háthasach i mo shaol (Ní raibh mé pósta ná i mo Dheaide go fóill!!) Bhí mé ar an aer lá arna mhárach agus bhí cluiche drámatiúl na hoíche roimhe á phlé againn sa stiúideo. Laethanta órga le bheith ag tacú le foireann Sir Alex Ferguson agus na laochra Keane, Schmeichel, Scholes, Beckham, Cole agus Giggs.

Roy Keane agus Ryan Giggs

Ach gabh ar aghaidh beagnach 20 bliain agus níl a fhios agam cé hiad Manchester United a thuilleadh. Ní bhraithim gurb iad mo chlub iad a d’fhág mé cráíte nuair a bualadh muid nó a d’fhág meangadh mór gáire ar mo phus nuair a ghrú muid. Dóibh siúd atá lán-díocasach faoi agus geanúil ar chlubanna sacar is féidir leo cuimhniú cá raibh siad le linn ócáidi iomráiteacha, maith nó olc, a gcuid foirne. D’fhéadfaí é a chuir i gcomparáíd le ‘Cá raibh tú nuair a scaoileadh Kennedy?’, ‘Cá raibh tú nuair a chuala tú gur bhásaigh Elvis’, ‘Cá raibh tú nuair a bhuail na heitleáín faoi na Twin Towers?’. Ach níl an dlúth-cheangail sin agam leo nios mó. Níl cliú agam cá raibh mé nuair a ghnóthaigh  siad Corn an FA i 2016 ná nuair a buaileadh iad i gcluiche ceannais na hEorpa i 2011. B’fhéidir go raibh baint ag imeacht Sir Alex Ferguson le mo chuid patuaire ach feictear domsa gur cuma le cuid mhaith de na himreoirí faoin gclub.  Bhí tráth ann go mbíodh imreoirí áítiúla ag imirt do gach club príomhroinne agus meas mór ag muintir na háíte orthu dá bharr, ach anois íoctar na milliún chun Braisíleach nó Spáínneach a mhealladh chuig áit nár chuala sé trácht air riamh. Pógfaidh sé an suaitheantas i ndiaidh cúl a aimsiú ach tá a fhios agat go maith go mbeidh sé imithe ar nós na gaoithe an tseachtain dár gcionn má thagann tairiscint níos fearr ina threo.

 Ní orthu atá an locht go hiomlán, tá lucht na gcearta teilifíse agus na gníomhairí anois i gceannas, ach nuair gur féidir le imreoir ar nós Alexis Sanchez £391,000 a shaothrú in aghaidh na seachtaine agus £75,000 eile ar a bharr sin gach uair a cheanglaíonn sé a chuid barriallacha do chluiche, tá a fhios agat nach í seo an spórt ná club céanna gur thug mé mo chroí dó ar feadh na mblianta. Tá féíniúlacht chorporáideach agus brandáil níos tábhachtaigh do na Glazers agus Ed Woodward ná a bheith ag freastal ar a gcosmhuintir. Ní airím go bhfuil aon dílseacht sa gcluiche níos mó, i measc imreoirí ná úinéirí. Nó b’fhéidir gur ormsa atá an locht agus mé níos meánaosta agus cantalaigh ná gur mhaith liom a bheith! 

Ach ar bhealach anois i mo shaol tá an roth casta go hiomlán arís. Tá leaid óg agam féin atá 8 mbliana d’aois agus mar gheall ormsa is breá leis United. Is maith leis Paul Pogba agus Romelu Lukau, ach is breá leis Harry Kane agus Dele Alli ó Tottenham Hotspur agus Sergio Aguero ó Manchester City freisin. Ní chuireann sé as dó nuair a bhuailtear iad, a thárlaíonn níos minice ná a mhalairt. Ní fhaca sé tada mícheart le cuid de lucht leanta United ag glaoch anall ar Lucas Moura ó Spurs do fhéinín agus é ag fágáil na páirce i ndiaidh dó dhá chúl a aimsiú i gcluiche a ghrú na cuairteoirí 3-0 cúpla seachtain ó shin. Taitníonn a chuid soineantacht liom agus an dearcadh atá aige i leith sacar na príomhroinne ach ní dóigh liom go mbeidh an paisean céanna aige riamh agus a bhí agamsa do United agus mé ag fás aníos. B’fhéídir gur rud maith é sin. Tá sé ag iarraidh dul go Old Trafford an séasúr seo é chun United a fheiceáil. Cá bhfios nach mbeinn faoi gheasa arís acu má théann muid ann. Aisteach go leor tá an ghráin shíoraí aige ar Liverpool – meastú cé as a dtáinig sé sin!!