Ag Oireachtas na Samhna na bliana seo, bronnfar gradam 'Réalta Óg' ar dhuine amháin atá ag saothrú sna meáin. Labhair muid le Damien Ó Dónaill faoi thráchtaireacht spóirt, faoi na daoine a spreag é agus faoi thodhchaí na meán Gaeilge.

Tá tú ag craoladh le RTÉ RnaG le tamaill de bhlianta anuas- cad is rud is fearr faoi meán an raidió, i do thuairim?

Sílim go bhfuil cumhacht iontach ag baint leis an raidió go háirithe agus mé ag obair mar thráchtaire Spórt. An fáth a ndeirim sin nó go bhfuil an éisteoir sa bhaile ag brath go hiomlán ar do chuid tráchtaireacht le pictiúir den chluiche a chruthú ina n-intinn. Tá sin mar i gcéanna i ngach cuid den raidió. Do pobal na Gaeltachta, na tíre agus Gaeil ar fud an domhain ag brath ar RTÉ Raidió na Gaeltachta le eolas faoina gceantar féin a fháil amach agus is cinnte gur tógáil croí a bhíonn nuair a chuireann duine éigin téacs chugam ag rá gur bhain siad sult as mo chuid tráchtaireachta. Mar shampla chuaigh fear i dteagmháil liom i ndiaidh Cluiche Ceannais Peile na hÉireann, fear a shíl mé nach raibh mórán Gaeilge aige ag rá gur éist sé leis an chluiche agus é amuigh ag obair ar shuíomh tógála i gCathair Londain. Ní raibh sé ábalta amharc ar an chluiche an lá sin agus chuaigh sé i muinín RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cé hé/hí do spreagadh is mó ó thaobh na craoltóireachta de? 

Tá go leor daoine a spreagann mé agus go leor daoine a thugann tacaíocht iontach dom agus go leor daoine a cheartaíonn mé go minic agus is breá liom é sin mar go léiríonn sé go bhfuil mé ábalta feabhsú don chéad lá eile. Ach tá fear amháin a spreagann mé agus sé sin an fear a chuaigh romham. Séamus Mac Géidigh. Coicís i ndiaidh de Shéamus bás a fháil go tobann, rinne mé cluiche Ceannais Chúige Uladh agus i ndáiríre, is brionglóid a bhí ann sin domhsa. Níor shíl mé ariamh go mbeinn sa chathaoir céanna a bhí Séamus, Ón chéad lá a thosaigh mé leis an raidió, ní thiocfadh liom an spreagadh agus an treoir a thug sé dom a mhíniú. Beidh mé buíoch go deo.

Scil faoi leith is ea tráchtaireacht spóirt, conas a d'fhoghlaim tú í? 

Ceist mhaith...Cleachtadh móram ach tá go leor i gceist san am céanna. Bímse i ndomhain eile agus mé ag tráchtaireacht. Chuir mé isteach ar chomórtas tráchtaireachta le RTÉ RnaG don chraic ceithre bliana ó shin agus is as sin a tharla sé uilig. Thosaigh mé ag tuairisciú ar chluichí ar dtús, ag déanamh píosa roinnt bomaití ar chluichí agus níor shíl mé ariamh i ndáiríre go bhfaigheann an deis tráchtaireacht a dhéanamh ar chluiche ceannais peile na hÉireann chomh luath sin i mo shaol craoltóireachta. Onóir agus pribhléid a bhí ann seo. Dhéanaim cuid mhór réamh ullmhúcháin, taighde agus araile sula dtéim ar an aer agus cuidíonn sin go mór leis na néaróga.

Cad ba mhaith leat a fheiceáil sna meáin Ghaeilge nach bhfuil ann faoi láthair?

Tá dul chun cinn ollmhór déanta ag na meáin Ghaelach, fiú ó thosaigh mé ag obair san earnáil ceithre bliana ó shin. Tchím i bhfad níos mó deiseanna anois nó mar a bhí ariamh. Ach tá go leor forbairt le déanamh go fóill. Go háirithe ar líne agus ar na meáin shóisialta. Tá obair iontach déanta ag Tuairisc agus Nós.ie agus is breá liom an méid atá ar bun agaibh féin agus BBC Gaeilge, An Spota Dubh le podchraoltaí. Caithfidh muid a bheith níos ceannródaíoch in áit a bheith ag fanacht leis na meáin Béarla a bheith ag taispeáin dúinn céard le déanamh. Tá an oiread talún sna meáin Ghaeilge agus sílim go bhfuil an earnáil sin iontach sláintiúil faoi láthair.

Le vóta a chaitheamh ar son Damien- tá gach eolas anseo