Ag Oireachtas na Samhna na bliana seo, bronnfar gradam 'Réalta Óg' ar dhuine amháin atá ag saothrú sna meáin. Labhair muid le Niamh Ní Chróinín faoina taithí go dtí seo, faoin albam CEOL 2018 agus faoi 'dhraíocht an raidió'.

Tá tú ag obair sna meáin, ar an raidió ach go háirithe le roinnt blianta anuas, cad é faoin meán sin a mheallann tu? 

Tá rud éigin draíochtúil faoin raidió & tá sé an-spraíúil! Is breá liom bheith ag suí sa stiúideo ag éisteacht leis na hamhráin atá ag dul amach beo ar an aer & tugann an ceol sin fuinneamh dom & mé ag labhairt ar an aer.

Is breá liom an teagmháil a bhíonn agam leis na héisteoirí. Is féidir an-chraic go deo a bheith agat, go háirithe nuair atá éisteoirí beo ar an líne fóin! Ag an deireadh seachtaine, bhí comórtas agam ar Spin agus bhí ticéid le buachan do Westlife i Páirc an Chrócaigh. Nuair a ghlaoigh mé ar an mbuaiteoir ní raibh sí fiú in ann labhairt bhí sí chomh trína chéile sin, trína chéile le háthas dár ndóigh! Mar chuid do chomórtas eile le ticéid Picture This a bhuchan, bhí ar na héisteoirí píosa d’amhrán Picture This a chanadh agus a sheoladh isteach chugainn. Ní hé go raibh an bua ag an amhránaí is fearr, ach ag an duine a chur an iarracht is mó isteach. Tháinig an buaiteoir ar an líne & chan sé véarsa den amhrán beo ar an aer & chuir sé a chroí agus a anam isteach ann! Bhí sé an-ghreannmhar ar fad! Is féidir le rud ar bith tarlúint & is breá liom sin.

Cillian De Búrca agus Niamh Ní Chróinín

 An bhfuil duine faoi leith a spreagann tú sa cheird áirithe sin?

Neart daoine! Is breá liom an craic a bhíonn ag Chris & Ciara ar 2fm agus ag Dermott & Dave ar TodayFM. D’fhéadfainn éisteach le glór Shinéad Uí Uallacháin go deo. Is breá liom Muireann O’Connell & tá cur chuige faoi leith ag Cormac Ó hEadhra nach bhfuil ag mórán daoine eile atá ar an raidió. Is sár-láithreoir é. Is breá liom an tslí gur féidir le hEoghan McDermott míreanna siamsaíochta & ábhar dáiríre a tharraingt le chéile in aon chlár amháin & is breá liom an tslí a nascann sé an Ghaeilge isteach ina chlár. Stopfaidh mé ansin, ach d’fhéadfainn leanúint ar aghaidh go héasca!

Bhí baint agat le Ceol2018, cén fiúntas a bhaineann lena leithéid, i do thuairim?

Cuireann CEOL leis an réimse amhrán atá ar fáil as Gaeilge & taispeánann sé do dhaoine go bhfuil éileamh ar amhráin as Gaeilge.

Taispeánann sé do cheoltóirí go bhfuil sé indéanta amhrán a scríobh, a chanadh agus a thaifeadadh as Gaeilge. Spreagann na halbaim CEOL ceoltóirí eile triail a bhaint as. Tá roinnt bannaí a mbíonn amhráin acu ar CEOL a chanann na hamhráin as Gaeilge ag gigeanna timpeall an domhain. Tá mé sceitimíneach faoi earnáil cheoil na Gaeilge agus an dul chun cinn atá á dhéanamh.

Cuireann na halbaim CEOL amhráin a bhí ag barr cairteacha ceoil timpeall an domhain ar fáil as Gaeilge & cabhraíonn sé seo íomhá nua-aimseartha den Ghaeilge a chur chun cinn.

Sílim go bhfuil meon dhaoine óga i dtaobh na Gaeilge ag athrú de réir a chéile & ag éirí níos dearfaí agus tá ról éigin ag CEOL san athrú sin.

Tá an t-albam mar áis luachmhar sna scoileanna & d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge. Is bealach taitneamhach, spraíúil é teanga a fhoghlaim trí bheith ag éisteacht le ceol. Tá sé dochreidte an oiread sin tuismitheoirí a thagann i dteagmháil linn ag lorg cóip den albam dá bpáistí sa bhaile & tá sé sin iontach!

Dá mbeifeá chun athrú amháin a dhéanamh maidir le ceol i nGaeilge, cad a mholfá?

Ba bhreá liom dá mbeadh Raidió Rí-Rá ag feidhmiú mar stáisiún lán-aimseartha FM timpeall na tíre, rud a chabhródh go mór le ceol as Gaeilge a chur chun cinn.

Tá go leor daoine ann anois atá ag aistriú amhrán go Gaeilge, ag scríobh & ag cumadh ceoil as Gaeilge ach ba bhreá liom níos mó daoine a fheiceáil á dhéanamh & in gach séanra ceoil.

Ba bhreá liom níos mó ceoil as Gaeilge a chloisteáil ar an raidió & ba bhreá liom dá mbeadh amhráin as Gaeilge eisithe & ag dul isteach sna cairteacha chomh maith. Sílim go mbeadh sé sin dochreidte don teanga & go spreagfadh sé i bhfad níos mó daoine eile ceol a chumadh as Gaeilge. 

Le vóta a chaitheamh ar son Niamh- tá gach eolas anseo