Labhair Iarla Ó Lionáird le Rónán Mac Aodha Bhuí ar Rónán Beo @ 3 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoina chuid oibre i bPrinceton, Meiriceá agus faoi thionscnamh in ómós don fhile, Séamus Heaney. 

Tá Iarla ceapaithe ina scoláire in Ollscoil Princeton agus is ann a bhí sé agus é i mbun comhrá le Rónán. Deir sé gur 'obair phléisiúrtha' atá ar siúl aige san Ollscoil. Deir sé go bhfuil an t-ádh air go bhfuil sé i ngar scread asail do chathair Nua Eabhrach, áit a bhfuil sé ag obair le baill de The Gloaming ar albam úr. 'Tá dúshlán ag baint le bheith as baile, gan dabht'. 

Éist le hIarla agus Steve Cooney leis an amhrán Fáinne Geal an Lae.

We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences


"Braithim uaim an baile go mór ach mar sin féin, tá an obair torthúil agus taitneamhach."

Tá an giotáraí Steve Cooney agus Iarla ag réiteach le coirmcheol speisialta a reachtáil in ómós don fhile, Séamus Heaney ina bhaile dúchais, Baile Eachaidh, i nDoire go luath agus cé nach raibh an-aithne ag Ó Lionáird air, deir sé go raibh sé tógtha leis mar dhuine. Roinn sé a chuimhní cinn ar an bhfile le Rónan.

Tá ticéid ar fáil anseo don choirmcheol in ómós don fhile anseo

Craoltar Rónán Beo @3 gach Déardaoin agus Aoine idir 3 agus 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.