Labhair Cormac Begley le Helen Ní Shé ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidir lena ainmniúchán ag RTÉ Folk Awards, a chuid ceoil agus a chuid taighde le fearúlacht i measc na n-óg.

Ceoltóir agus scoláire is ea Cormac Begley as Cuas a' Bhodaigh i gContae Chiarraí. Fógraíodh le déanaí go bhfuil Cormac ainmnithe mar 'best folk instrumentalist' na bliana. 

Labhair Cormac faoina chuid taighde ar mheabhairshláinte bhuachaillí agus fhir óga mar chuid dá dhochtúireacht síceolaíochta agus tslí go dtéann an dearcadh diúltach atá ag daoine i dtreo bhuachaillí agus fhir i bhfeidhm ar a gcuid muiníne. 

Cormac Begley agus Caoimhín Ó Raghallaigh

Luaigh Begley gur chur sé agallamh ar 56 buachaill agus ceistneoirí amach chuig 2,000 buachaill agus deir sé gur tháinig an-chuid téamaí chun cinn 'nach labhartar futhu fós'. Deir sé go bhfuil an tuairim ann i measc bhuachaillí go bhfuil an pobal 'diúltach ina dtreo'.

Ceistíonn Cormac an bhrí a bhaineann le fearúlacht agus 'macho' maidir le leaids óga agus cad is brí le bheith i do bhuachaill? Dar leis, tá brú orthu a bheith láidir go fisiciúil agus ina n-aigne. Tá nós acu 'gan a bheith ag brath ar dhaoine eile', a deir sé.

Maidir le hinsint an phobail ar bhuachaillí agus ar fhir, deir Begley nach bhfuil ach 'ceatadán beag de bhuachaillí nó d'fhearaibh a dhéanann rudaí olca' agus go bhfuil 'an-chuid rudaí dearfach maidir le buachaillí nach gcloistear'.

Beidh RTÉ Folk Awards ar siúl in Vicar Street ar an 25 Meán Fómhair.

Craoltar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 12.08 agus 1.00 ón Luan go hAoine.