Labhair Séamus Ó Scanláin le duine de na daoine atá ar ghearrliosta Réalta Óg na Bliana ag na Gradaim Chumarsáide, Eoghan Ó Loideáin ar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Ag Oireachtas na Samhna na bliana seo a bhronnfar duais Réalta Óg mar chuid de na Gradaim Chumarsáide na bliana. Cúigear ar fad atá ainmnithe: Damien Ó Dónaill, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doireann Ní Ghlacáin, FleadhTV, Niamh Ní Chróinín, Spin agus Raidió RíRá, Ciara Ní É, blagálaí agus Eoghan Ó Loideáin. 

Luaigh Eoghan go bhfuil aithne aige ar nach mór gach duine eile atá ainmnithe sa chatagóir céanna leis, rud a léiríonn a cé chomh beag agus atá saol na meán i nGaeilge. Deir sé áfach, go bhfuil an saol sin ag fás agus go bhfaighfear toradh ar an obair. 

Labhair Eoghan faoina thaithí féin le craoltóireacht i nGaeilge agus deir sé gur fiú dul amach agus rud nua a thriail, cé gur thóg sé píosa air féin amhlaidh a dhéanamh. Rinne Eoghan cúrsa in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus dúirt sé go raibh drogall air a bheith ag obair ar an scaileán mar go raibh sé imníoch faoina chumas ach nuair a d'fhorbair a mhuinín gur chuir sé go mór lena chuid scileanna agus talainne mar láithreoir teilifíse.

Eoghan Ó Loideáin

Thagair Eoghan den chultúr digiteach ina maireann muid, áit a bhfuil gach duine agus gach ní ag tarraingt ár gcuid airde gach aon treo. Deir Eoghan, ag magadh  'mura maraíonn tú duine, ní bheidh siad ag labhairt faoi an lá dar gcionn'. Deir sé go mbíonn brú anois orthu siúd atá ag saothrú i ngort na meán cumarsáide a bheith in ann gach ní a dhéanamh, ar gach scaileán.

An chomhairle a bheadh ag Eoghan dóibh siúd atá ag smaoineamh faoi dhul isteach i saol na meán "stop ag caint faoi, tosaigh á dhéanamh agus tug faoi".

Tá gach eolas faoi Ghradaim Chumarsáide le fáil anseo

Craoltar Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta 09:15 - 10:15 Luan - Aoine